Ghaeilge sa Choláiste
Tá ana chuid Ghaeilge le chloisteáil i gColaiste na Tríonóide, ón Scéim amuigh i Halls chuig An Cumann Gaelach ar an gCampas! Seo liosta de na daoine agus gníomhachtaí Gaelach san Ollscoil
If you need to speak to someone in the Students' Union you can check our contact details or you can contact us directly.
Oifig na Gaeilge
Is é Aonghus Dwane Oifigeach na Gaeilge an Choláiste a oibríonn go lán aimseartha chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gColaiste na Tríonóide! Is feidir dul i dteangmháil leis ag gaeloifig@tcd.ie Tá Oifig na Gaeilge ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste, i measc na foirne agus i measc na mac léinn. Bíonn an tOifigeach Gaeilge ag obair le Coiste na Gaeilge sa Choláiste chun an aidhm seo a bhaint amach. Cuireann an Oifig seirbhísí agus eolas ar fáil do húdaráis agus do phobal an Choláiste mar gheall ar an Acht Teanga, agus soláthraíonn an…
Read More
An Cumann Gaelach
www.cumann.ie - Suíomh Iontach!
Is í príomh aidhm an Chumainn ná an Ghaeilge a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide. Eagraíonn an Cumann go leor imeachtaí i rith na bliana. Eagraítear Céilithe, Fáiltithe agus An Tórramh, chomh maith le Comórtais Díospóireachta, Léachtaí agus Scannáin Ghaeilge. Tá seachtain iomlán tiomnaithe don Ghaeilge ag tús Théarma na Féile Bríde gach bliain. Buailimid le chéile ag an gCiorcal Comhrá gach Máirt le deis a thabhairt do dhaoine aithne a chur ar a chéile agus Gaeilge a labhairt go rialta. Ar ndóigh téann muid ar aghaidh go Club Chonradh na Gaeilge ina dhiadh…
Read More
Oifigeach na Gaeilge
Is í Ciara Heneghan (gaeilge@tcdsu.org) Oifigeach na Gaeilge Aontas na Mac Léinn. Tá suíochain ag Elaine ar Choiste Gaeilge an Choláiste, agus oibríonn sí chun an Ghaeilge a scaipeadh ar fud an Ollscoil, agus ag déanamh cinnte de go gcuireann an Choláiste an Ghaeilge chun cinn!
Read More
An Schéim Chónaithe
Tá dhá scéim chónaithe Gaeilge do mhic léinn i gColáiste na Tríonóide. Tá siad suite i gCearnóg na Parlaiminte agus i nDartraí i mBaile Átha Cliath 6 (do mhic léinn na chéad bhliana). Tugann na scéimeanna seo deis do mhic léinn a gcuid Ghaeilge a úsáid ar an gcampas mar a ngnáth-theanga laethúil. Chun eolas a fháil mar gheall ar an scéim chónaithe, seol r-phost chuig gaeloifig@tcd.ie nó tabhair cuairt ar suíomh Oifig na Gaeilge.
Read More
Éigse na Tríonóide
30 Jan - 3 Feb 2010
Is é Éigse na Tríonóide na céilúradh mór den cultúr Gaelach a théann ar aghaidh ar feadh seachtain fada! Cuireann an Cumann Gaelach Éigse ar siúl le tacaíocht ó Aontas na Mac Léinn! Fair amach le haghaidh imeachtaí i rith Éigse i mbliana! Craic den Scoth! Má ta aon cheisteanna agat, cuir scairt ar Ciara Heneghan ag gaeilge@tcdsu.org!
Read More

