An Cumann Gaelach
www.cumann.ie - Suíomh Iontach!
Is í príomh aidhm an Chumainn ná an Ghaeilge a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide. Eagraíonn an Cumann go leor imeachtaí i rith na bliana. Eagraítear Céilithe, Fáiltithe agus An Tórramh, chomh maith le Comórtais Díospóireachta, Léachtaí agus Scannáin Ghaeilge. Tá seachtain iomlán tiomnaithe don Ghaeilge ag tús Théarma na Féile Bríde gach bliain. Buailimid le chéile ag an gCiorcal Comhrá gach Máirt le deis a thabhairt do dhaoine aithne a chur ar a chéile agus Gaeilge a labhairt go rialta. Ar ndóigh téann muid ar aghaidh go Club Chonradh na Gaeilge ina dhiadh sin.
Is féidir ballraíocht a fháil ó bhaill an choiste ag seastán an Chumainn Ghaelaigh i gCearnóg na Parlaiminte i rith Seachtain na bhFreshers. Ina dhiaidh sin, ní mór ach "bí linn" a clicáil ar an suíomh seo nó téigh chuig imeacht éigin i rith na bliana. Fógraítear na himeachtaí ar phóstaeirí ar fud an choláiste agus anseo ar an suíomh idirlín.

