Oifig na Gaeilge

Is é Aonghus Dwane Oifigeach na Gaeilge an Choláiste a oibríonn go lán aimseartha chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gColaiste na Tríonóide! Is feidir dul i dteangmháil leis ag gaeloifig@tcd.ie

Tá Oifig na Gaeilge ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste, i measc na foirne agus i measc na mac léinn. Bíonn an tOifigeach Gaeilge ag obair le Coiste na Gaeilge sa Choláiste chun an aidhm seo a bhaint amach. Cuireann an Oifig seirbhísí agus eolas ar fáil do húdaráis agus do phobal an Choláiste mar gheall ar an Acht Teanga, agus soláthraíonn an Oifig seirbhís aistriúcháin Gaeilge do bhaill foirne. Chomh maith le sin, tá an cúram ar an Oifig scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn a riaradh.

This page is part of the Ghaeilge sa Choláiste section.