An bhfuil sé de cheart agam oide a bheith agam le gaeilge?
Tá! Má tá oide uait atá gaeilge acu, seol rphost go hOifig an Oide Sinsearach This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
An féidir liom mo ghnó a dhéanamh trí ghaeilge sa leabharlann?
Is féidir! Bíonn duine le gaeilge ag obair sa leabharlann i gcónaí - níl ort ach ceist a chuir ag an bpríomh dheisc i forhalla Leabharlann X.
An bhfuil spás lán-ghaeilge ar fáil dom?
Tá! Tá seomra na Gaeilge suite i seomra 8 san Atrium (doras taobh thiar den bhutrach, agus ar an úrlár is airde den staighre. Tá fáilte roimh chách bualadh isteach gach lá le haghaidh cupán tae nó caife saor in aisce, agus comhrá. Tá an seomra oscailte ó 9rn-5in le linn na seachtaine.
An bhfuil sé de cheart agam mo shloinne a bheith agam trí ghaeilge ar cháipéisí mo chéim?
Ceistíodh é seo cheana leis an gClárlann Acadúil agus ag an bpointe seo, ní féidir ainm a athrú gan cháipéisíocht oifigiúil a bheith ar fáil leis an ainm gaeilge uirthi mar go bhféadfadh impleachtaí a bheith ag a leithéid ar an gcéim ina dhiaidh sin, ar dheontais a bheadh ar fáil do mhic léinn, srl. toisc go mbeadh na hainmneacha ar na cáipéisí difriúil.
An féidir liom mo thráchtas a scríobh trí ghaeilge?
Tá sé seo ag brath ar do scoil áirithe. Tá mic léinn i scoileanna éagsúla tar éis seo a dhéanamh thar na blianta. Moltar duit teagmháil a dhéanamh le do Stiúrthóir Cloch-Dhín (Capstone Director), do mhaoirseoir tráchtas agus i ndiaidh cead a fháil, teagmháil a dhéanamh le duine i do scoil le Gaeilge, nó Scoil na Gaeilge le duine a fháil chun do thráchtas a cheartú.
Tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Oifigeach na Gaeilge AMLCT ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. le breis tacaíocht agus cabhair a fháil.