Skip to main content

Chuig: An Rialtas

Táirgí Fola Míosta Saor in aisce i ngach Institiúid Ardoideachais

Táimid ag iarraidh ar an rialtas aghaidh a thabhairt ar éagothroime shocheacnamaíoch agus ar éagothroime inscne ar ár gcampais ach rochtain ar tháirgí fola míosta a chur ar fáil do na mic léinn agus do na baill foirne a dteastaíonn siad uathu.

Cén fáth a bhfuil siad tábhachtach?

Cé is moite de roinnt bheag institiúidí in Éirinn, ní chuireann formhór na n-institiúidí táirgí fola míosta ar fáil saor in aisce, cé gur iarr ár bpobail champais a leithéid orthu go minic roimhe seo. Tá an-éileamh ar na tionscnaimh chéanna, ó na mic léinn agus ó na baill foirne. Caithfear an tionscnamh a chuíchóiriú agus caithfear tacaíocht a chur ar fáil lena aghaidh ar leibhéal an rialtais. Trí aghaidh a thabhairt ar dhínit fola míosta go díreach, beidh muid in ann aghaidh a thabhairt ar stiogma agus ar náire a bhaineann le fuil míosa do mhic léinn agus do bhaill foirne, rud a fhágfaidh go mbeidh na campais níos ionchuimsithí do bhaill ár bpobail acadúil ó gach cúlra. Tá tionchar ag míostrú ar cháilíocht na foghlama agus an teagaisc- agus níor mhaith linn go mbeidh aon duine fágtha ar an trá fholamh de bharr nach raibh na táirgí cearta acu ag an am ceart. Má chuirtear rochtain ar tháirgí fola míosta ar fáil saor in aisce (go háirithe tráth a bhfuil na géarchéimeanna tithíochta agus costais maireachtála ag dul chun donachta), is féidir linn a chinntiú go dtacaítear leo siúd ó theaghlaigh nach bhfuil go maith as fad atá siad ag fáil scolaíochta.

Bhain an rialtas triail as táirgí fola míosta a chur ar fáil saor in aisce i mboird oideachais áirithe ach níor leathnaíodh an tionscnamh seo go dtí na hinstitiúidí ardoideachais uile go fóill. Chualamar go bhfuil plean ann an leathnú sin a dhéanamh. Tá na mic léinn agus na baill foirne ag iarraidh ar an rialtas dlús a chur leis an bpróiseas seo agus chun maoiniú a chur ar fáil chun táirgí fola míosta a chur ar fail i seomraí folctha i ngach institiúid ardleibhéil sa tír.

Sínigh an achainí

Read more …Achainí um Tháirgí Fola Míosta

Drugaí agus Alcól

Déantar go leor rudaí den chéad uair agus duine ag freastal ar choláiste, d'fhéadfadh sé go mbeadh drugaí agus alcól ina measc. Tá CTBÁC tiomanta do chur chuige Laghdaithe Dochair, ina leagtar béim ar theagmháil dhíreach a dhéanamh le mic léinn a úsáideann drugaí chun ródháileog agus chun scaipeadh galair a chosc agus chun smacht ar a gcás féin a thabhairt do mhic léinn ach iad a chur ar an eolas.


Seirbhísí Tacaíochta

  •  Sa chás go mbeadh drochbhail ort féin nó ar aon chara leat de bharr drugaí a úsáid, ba cheart duit glaoch ar an uimhir 999 ar an bpointe boise. Is féidir leat seirbhísí cúraim sláinte a fháil gan ionchúiseamh coiriúil.
  • Reáchtálann an FSS seirbhís rúnda mar Líne Chabhrach saor in aisce (1800 459 459) agus mar sheirbhís tacaíochta ríomhphoist - más rud é go bhfuil tú ag streachailt le spleáchas ar substaintí. Bíonn an líne chabhrach ar fáil Luan go hAoine ón 09:30 go dtí an 17:30.
  • Is féidir leat coinne a chur in áirithe mar mhac léinn faoi cheiseanna fút féin ag úsáid drugaí nó alcóil ag Ionad Sláinte Choláiste na Tríonóide. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh gréasáin www.tcd.ie/collegehealth. Is féidir leat coinne a chur in áirithe ach glaoch a chur ar 01 896 1591 nó ar 01 896 1556.
  • Is tacaíocht saor in aisce é Alcoholics Anonymous, sa chás go bhfuil tú ag teacht chugat féin tar éis duit a bheith tugtha d'alcól. Is é 01 842 0700 an uimhir theileafóin atá acu agus is féidir ríomhphost a chur chucu ag - - 
  • Is eagraíocht pobal-bhunaithe é Narcotics Anonymous d'andúiligh atá ag éirí as, is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag: 01 672 8000.

Eolas faoi Dhrugaí

Laghdú Dochair

Bíonn sé i gcónaí níos sábháilte gan substaintí a thógáil!
Más leat substaintí a thógáil, ná meascaigh iad!

Ródháileog

  • An chuma a bhíonn ar ródháileog: Cailliúint mothaithe, taom, cúr ag teacht amach as an mbéal, cur amach, pian chliabhraigh, deacrachtaí anáil a tharraingt, craiceann bánaithe
  • Cad is ceart a dhéanamh: Cuardaigh cúnamh leighis ar an bpointe boise agus cuir an duine i luí téarnaimh. Bain aon rud atá i bhfoisceacht don duine a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh dó. Faigh amach an bhfuil an duine ag análú agus, más amhlaidh nach bhfuil an duine ag análú, úsáid an t-uath-dhífhibrileoir seachtrach agus déan ACS.

LSD

  • Dáileogacht: Is é 100-200 micreagram an ghnáthdháileog le haghaidh LSD
  • Meascadh: Ná measc LSD le halcól (ná le dúlagráin eile amhail beinsidhé-asaipín), ná le spreagach ar bith eile de bharr go bhféadfadh a leithéid cur le héifeacht LSD agus d’fhéadfadh paranóia teacht ar dhuine mar gheall air.
  • Caighdeán na nDrugaí: Is deacair láidreacht LSD a mheas, go fiú le fearas tástála. D'fhéadfadh sé go mbeadh substaintí eile in LSD a thiocfaidh aníos sna tástálacha, mar sin coinnigh na dáileoga íseal!
  • Éifeachtaí: D'fhéadfadh sé go mbeadh paranóia ar an té a thógfadh LSD má thógann sé é agus é in ísle brí nó faoi imní nó nuair atá sé neirbhíseach.
  • Laghdú Dochair: Maireann truipeanna LSD ar feadh i bhfad agus uaireanta bíonn moill ann sula dtéann sé i bhfeidhm i gceart. Mar sin ná tóg an athuair é. Ná húsáid é ach nuair atá daoine a bhfuil muinín agat iontu thart ort agus nuair atá tú i dtimpeallacht shábháilte chun drochthruip a sheachaint. Ná húsáid LSD más rud é go bhfuil tú ag aireachtáil brónach, neirbhíseach, imníoch nó in ísle brí de bharr go bhféadfadh na mothúcháin chéanna dul chun donachta nuair a thosaíonn an LSD ag oibriú. Díoltar substaintí a bhfuil dochar iontu nach LSD iad in amanna ach go dtugtar LSD orthu lena ndíol. Cuimhnigh ar an bhfrása "má tá sé géar, tá sé le caitheamh in aer". Níl blas ar bith ar LSD. Mar sin má bhlaiseann tú aon cheo géar nó má tá blas ceimiceáin air, seans maith nach LSD atá ann

Cócaon

  • Dáileogacht: Tosaigh amach le dáileog bheag lena thriail agus fan dhá uair an chloig ar a laghad sula dtógfaidh tú aon cheo eile.
  • Meascadh: Ná measc LSD le substaintí eile mar bíonn na rioscaí i bhfad níos mó dá bharr. Ná measc le halcól mar nuair a thagann an dá shubstaint seo le chéile, déantar substaint nua díobh a d'fhéadfadh imní nó fearg a chur ort
  • Éifeachtaí: Is spreagthach é cócaon a chuireann faoi deara do na daoine a úsáideann é a bheith ina lándúiseacht, méadaíonn sé an ráta croí agus teocht na colainne chomh maith le paranóia, iompar dothuartha, imní agus bíonn béal tirim ag daoine a thógann sé freisin
  • Laghdú Dochair: Gearr cócaon go mion, babhtáil na polláirí agus glan amach do shrón chun an dochar a dhéantar do na polláirí agus don seipteam a laghdú. Úsáid tobán lena smúradh (b'fhearr gan airgead a úsáid) chun scaipeadh na víreas fola a chosc.

MDMA/Eacstais

  • Dáileogacht: D'fhéadfadh sé go dtógfadh sé roinnt ama le go n-oibreoidh MDMA, mar sin bíonn sé i gcónaí níos sábháilte tosú le ceathrú de dháileog, agus ceathrú eile a thógáil tar éis 60 nóiméad. Fan dhá uair an chloig idir méideanna níos mó. Is é 125mg nó níos lú an méid is sábháilte, agus 60mg a thógáil le cur leis sin
  • Meascadh: Ná measc MDMA le substaintí eile, go mór mór alcól, cócaon agus dúlagráin
  • Éifeachtaí: D'fhéadfadh MDMA teannas a chur i do ghiall, do cholainn a théamh an-iomarca, imní a chur ort, allas mór a chur ort, agus d'fhéadfadh sé cur as do do chothromaíocht freisin.
  • Laghdú Dochair: D'fhéadfadh MDMA mearbhall a chur ar theocht do cholainne mar sin bí cinnte do dhóthain uisce a ól ach 250-500ml a ól in aghaidh na huaire. Lig do scíth tar éis seal a chaitheamh ag damhsa le do cholainn a fhuarú.

Céataimín

  • Dáileogacht: Bíonn dáileog éadrom idir 15-30mg ach is minic a bhíonn na dáileoga idir 30-75mg. Smúrtar go hiondúil é ach tógtar é mar instealladh uaireanta freisin. Seachain dáileoga atá gar do 150mg nó níos mó ná sin mar tá an baol ann go rachaidh tú isteach i bpoll Céataimín ("K-hole"), riocht ina mbeidh tú neamhfhreagrúil do spreagthaí agus an seans ann go dtiocfaidh siabhráin ort.
  • Meascadh: Seachain dúlagráin amhail alcól ó tharla go neartaíonn siad na héifeachtaí
  • Éifeachtaí: Eofóiria, bodhaire, masmas, mearbhall, siabhránacht,
  • Laghdú Dochair: Ná húsáid Céataimín ach i dtimpeallacht shábháilte, mar má théann duine i bpoll Céataimín in áit nach bhfuil sábháilte, d'fhéadfadh sé sin a bheith scanrúil agus contúirteach. Ól do dhóthain uisce lena linn le go laghdófar an dochar a dhéantar do do lamhnán, má thugann tú faoi deara go gcaithfidh tú do mhún a dhéanamh níos minice, go dtagann crampa ar do bholg, nó má bhíonn fuil le feiceáil i do chuid fuail, éirigh as céataimín a úsáid ó tharla gur comharthaí iad sin go bhfuil dochar á dhéanamh do do lamhnán. Seans go mbeidh cóir leighis ag teastáil.

Alcól

  • Dáileogacht: Braitheann sé ar an éifeacht atá tú a iarraidh i do cholainn. Níor cheart duit níos mó ná 14 aonad a chaitheamh sa tseachtain ar bhonn rialta
  • Meascadh: Ná hól alcól le drugaí eile toisc go mbíonn sé Ná hól alcól le drugaí eile toisc go mbíonn sé contúirteach nó a mheasctar iad nó a mheasctar iad
  • Éifeachtaí: Scíth, luaineacht mhothúchánach, taghd, mungailt cainte, cailliúint cuimhne
  • Laghdú Dochair: Ith béile mhór sula dtosóidh tú ag ól agus ól do dhóthain uisce le linn duit a bheith ag ól chun an riosca a laghdú go mbeidh drochthinneas óil ort ina dhiaidh. Ná téigh ag ól leat féin agus bíodh plean agat chun dul abhaile go sábháilte. Cuirfidh alcól leis an seans go ndéanfaidh tú rudaí contúirteacha. Ná hól faoi thionchar an óil choíche.

Cearrbhachas

Bíonn cearrbhachas ina fhadhb i do shaol nuair a thosaíonn sé ag cur as do do chuid oibre, do chuid scolaíochta nó do ghníomhaíochtaí eile, déanann sé dochar do do mheabhairshláinte nó do do shláinte trí chéile, cuireann sé brú airgid ort, nó bíonn sé ina ábhar aighnis le do chuid cairde agus le do mhuintir.

Más duine thú a bhíonn ag streachailt le hiompraíocht andúile, cuireann an tSeirbhís Comhairleoireachta do Mhic Léinn an grúpa tacaíochta do Dhaoine atá Tugtha d’Iompraíocht Andúile. Tacaíochtaí eile:

Extern Problem Gambling

Cosc dochair agus tacaíocht

www.problemgambling.ie
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
089 241 5401

Gamblers Anonymous

Tacaíocht (saor in aisce) chun teacht chugat féin ó Chearrbhachas
www.gamblersanonymous.ie
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
01 872 1133

Trans Harm Reduction

I gcomhpháirtíocht le Trans Harm Reduction, cuireann an Oifig Folláine ábhair insteallta steiriúla ar fáil ina bhfuil snáthaidí tarraingthe éagsúla do mhic léinn atá ag déanamh a gcuid Teiripe Athsholáthair Hormón (TAH) féin. Déan teagmháil leis an Oifigeach Leasa chun iad a fháil.

Read more …Laghdú Dochair

Tacaíocht do Shláinte Gnéis agus do Dhaoine Torracha

Gheobhaidh tú cuid de na hacmhainní thíos a mholaimid má theastaíonn tacaíocht uait le linn na bliana. Bíonn AMLCT anseo le cuidiú leat agus is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag am ar bith. Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár n-oifigeach folláine agus is féidir leat teachtaireacht dhíreach a sheoladh chuig aon cheann dár leathanaigh ar na meáin shóisialta má theastaíonn freagra sciobtha uait!

Beag beann ar an lá, is é an cúram atá orainn a chinntiú go n-airíonn na mic léinn go bhfuil Aontas na Mac Léinn ag tacú leo.

  • Frithghiniúint

    Tá an fhrithghiniúint tábhachtach chun caidreamh collaí a bheith agat ar bhealach sábháilte - cosnaíonn sí daoine ar roinnt STInna agus bacann sé giniúint nuair a úsáidtear i gceart í. Is iomaí slí chun caidreamh collaí a bheith agat ar bhealach sábháilte! Tá go leor cineálacha frithghiniúna ann, mar sin tá sé tábhachtach an ceann is mó a fheileann thú féin a fháil. Chun treoir atá suas chun dáta a fháil faoi na roghanna éagsúla atá ar fáil téigh chuig www.sexualwellbeing.ie! Tá treoir ina bhfuil an méid nach mór a bheith ar eolas agat ar fáil anseo (ar fáil i dteangacha éagsúla).

    Ar na cineálacha frithghiniúna atá ann tá:

    • an piolla nó an piolla nach bhfuil ann ach prógaistigin
    • Coiscíní nó coiscíní mná
    • Diafram
    • Fearas Frithghiniúnach Ionútarach
    • Speirmicídí
    • An Corna
    • An Paiste
    • Frithghiniúint InInsteallta
    • An Fáinne

    Cuireann an FSS coiscíní agus bealadh ar fáil saor in aisce do mhin léinn. Beidh stoc ar fáil i dTeach 6 i gcónaí má theastaíonn ceachtar acu sin uait!

    Frithghiniúint Saor in Aisce

    Is féidir le mná agus daoine a bhfuil útaras acu atá idir 17 agus 25 bliain d'aois frithghiniúint a fháil saor in aisce. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na costais atá clúdaithe agus faoin gcaoi ar féidir leat frithghiniúint saor in aisce a fháil, téigh chuig www.sexualwellbeing.ie.   

    Frithghiniúint Éigeandála

    Tá cineálacha éagsúla frithghiniúna éigeandála ann a fheileann do chásanna éagsúla, ag brath ar an uair a raibh fuil mhíosa ort agus ar a fhad a bhí sé ó bhí collaí gnéis gan chosaint agat nó má theip ar do mhodh frithghiniúna. Dá thúisce a thógtar frithghiniúint éigeandála tar éis caidreamh collaí gan chosaint a bheith agat is amhlaidh is éifeachtaí atá sí.

    Iarr comhairliúchán príobháideach ar phoitigéir (cógaiseoir) nó téigh chun cainte le dochtúir nó le duine i gClinic Pleanála Clainne chun an rogha is fearr duit féin a fháil amach. Is féidir leat an t-am seo a úsáid freisin chun gnáth-fhrithghiniúint a phlé.

    Tá eolas maidir leis na cineálacha frithghiniúna éigeandála ar fáil anseo. 

  • Toiliú

    Is éard is toiliú ann, nuair a chomhaontaíonn duine/daoine go saor agus go toilteanach, gníomh gnéasach a dhéanamh le duine eile. Is coir é páirt a ghlacadh i ngníomh gnéasach le duine nár thug toiliú. Tá an dlí seo leagtha amach san Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017. 

    Tá sé tábhachtach fios a bheith agat go fiú má thugann tú toiliú chun páirt a ghlacadh i ngníomh gnéasach, tá cead do chinn agat d'intinn a athrú sula dtosóidh an gníomh nó ag am ar bith sula gcríochnóidh sé.

    Cuimhnigh gurb ionann Toiliú agus SIFFS:

    • (Tugtha go) Saor
    • In-tharraingthe siar
    • Feasach
    • Fonnmhar
    • Sonrach

    Tugtha go Saor:

    Is ionann rud éigin gnéasach a dhéanamh le duine agus cinneadh a dhéanamh agus ba cheart go ndéanfaí an cinneadh seo gan bhrú, gan lámh láidir, gan ionramháil, agus gan tú ar meisce nó faoi thionchar drugaí.

    In-tharraingthe siar:

    Tá cead ag daoine a n-intinn a athrú faoin méid atá siad ag iarraidh a dhéanamh, am ar bith. Go fiú más rud é go ndearna tú cheana é nó más rud é go bhfuil tú i lár caidreamh collaí.
    Feasach:

    Bí macánta. Mar shampla, má deir duine go n-úsáidfidh sé coiscín agus ansin ní úsáideann sé coiscín, ní toiliú é sin. Nuair atá go leor alcóil ólta nó go leor drugaí tógtha ag duine, ní féidir bheith cinnte ar thug nó nár thug an duine sin toiliú feasach. 

    Fonnmhar:

    Mura bhfuil duine fonnmhar faoi, nó mura bhfuil suim ag an duine ann, ní toiliú é sin.
    Sonrach:

    Ní hionann, ‘sea' a rá le rud amháin (dul chuig seomra leapa chun radaireacht a dhéanamh, cuir i gcás) agus ‘sea' a rá le gníomhartha eile (amhail gnéas béil). Baineann toiliú le gníomhartha ar leith i gcásanna ar leith.

    Ní mar a chéile é agus an tuiscint ar thoiliú a bhíodh ann: is é sin, go gciallaíonn ‘ná déan' ‘ná déan', agus tá sé tábhachtach go bhfuil eolas againn ar an modh sin freisin mar chéad fhreagróirí.

    Toiliú le Chéile 

    Is é Together Consent, clár oideachais toilithe gnéis Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bunaíodh an clár in 2016, agus faoina scáth tosaíodh ar éascaíocht a dhéanamh ar cheardlanna toilithe an bhliain chéanna. Tá siad bródúil as bheith ar thús cadhnaíochta i dtaca le hOideachas Toilithe de i measc lucht Oideachais Tríú Leibhéal in Éirinn.

  • An bhfuil imní ort faoin méid ábhair phornagrafaigh ar a mbreathnaíonn tú? Tá cúnamh ar fáil!

    Má tá an méid pornagrafaíochta ar a mbreathnaíonn tú ag dul chun donachta chomh mór sin nach sásamh a thuilleadh é - déan teagmháil le duine éigin agus labhair faoi.

    Faigh duine a bhfuil muinín agat as agus labhair leis faoin gcaoi a bhfuil tú ag aireachtáil. B'fhéidir go n-aireofá náirithe nó go mbeadh sé deacair ort labhairt faoi ach bíonn sé áisiúil labhairt le duine a thuigeann an cás agus atá ar mhaithe leat.

    Is féidir leat tacaíocht a fháil ag an nGrúpa Téarnaimh agus Folláine Andúile:

    • Ar an Máirt ag 6m
    • Seirbhísí Comhairleoireachta do Mhic Léinn
    • 3ú hurlár, 7-9 Sráid Laighean Theas

    Má tá aon cheist agat, seol ríomhphost chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. 

    Chun tuilleadh eolais a fháil faoi bheith ciallmhar maidir le pornagrafaíocht: www.bewiser.ie/talk-about-porn

  • Tacaíocht do Dhaoine a Éiríonn Torrach

    Baintear stangadh as daoine nuair a éiríonn siad torrach gan choinne, agus airíonn daoine go bhfuil siad leo féin uaireanta, go mór mór mic léinn. Má bhíonn tú sa chás seo, déan teagmháil le dochtúir ag an Ionad Sláinte, ag an tseirbhís comhairleoireachta, ag an Well Woman Centre i mBaile Átha Cliath, nó labhair leis an Oifigeach Leasa agus Comhionannais ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. chun do roghanna a phlé go rúnda. Tá tástálacha toirchis ar fáil ag gach cógaslann. Cuireann Seirbhís Sláinte an Choláiste tástálacha toirchis ar fáil ar €10.

    Seo a leanas roinnt tacaíochtaí seachtracha a d'fhéadfadh a bheith cabhrach:

    My Options

    1800 828 010
    www.myoptions.ie

     

    Women's Aid

    1800 341 900
    www.womensaid.ie

    Irish Family Planning Association

    1850 495 051
    www.ifpa.ie

     

    Ospidéal an Rotunda

    01 817 1700
    (Abair leo go bhfuil tú ag iarraidh labhairt le duine éigin ón Aonad ionsaithe ghnéasaigh más cuí)

    Well Woman Centre

    01 872 8051
    www.wellwomancentre.ie

     

    One in Four

    01 662 4070
    www.oneinfour.ie
    This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

    Ionad Éigeandála Bhaile Átha Cliath um Éigniú (DRCC)

    1800 778 888

    www.drcc.ie

     

     

  • Ciapadh Gnéasach agus Ionsaí Gnéis

    Sainmhínítear ciapadh gnéasach sa choláiste mar ‘aon iarracht chun cur faoi deara d'aon bhall den choláiste páirt a ghlacadh i gcaidreamh collaí nó aird ghnéasach gan iarraidh a thabhairt ar dhuine den sórt sin, nó pionós a ghearradh as diúltú géilleadh, nó timpeallacht imeaglaitheach, naimhdeach nó maslach ghnéasach a chruthú'. Cuimsítear leis gach foirm ciaptha ó ráitis ghránna go dtí ionsaí gnéis.

    Más rud é go raibh caidreamh collaí neamhthoilteanach agat nó dá mba mhaith leat labhairt le duine faoi dheacrachtaí a bhaineann le toiliú, labhair le hOifigeach Leasa agus Comhionannais Aontas na Mac Léinn, leis an bhFoireann Comhairleoireachta do Mhic Léinn - le Niteline, nó le Foireann Sláinte an Choláiste -. Tá gach ball foirne sna foinsí tacaíochta seo oilte go maith, bíonn ábhar na gcomhráite uile faoi rún agus ní thabharfar breithiúnas ar an té a théann ag iarraidh na tacaíochta.

    Sa doiciméad 'Cad é a dhéanaim anois' (What do I do now), tá achoimre ar a mbíonn le déanamh maidir le nochtadh ionsaithe agus éignithe sa choláiste. Seiceáil - chun tuilleadh eolais a fháil.

    An Uirlis Speak Out

    Tuairiscigh eachtra ar an uirlis Speak Out go hanaithnid anseo.

    Is uirlis tuairiscithe ar líne é Speak Out ar féidir a úsáid gan d'ainm a thabhairt má tá tú mar chuid d'institiúid ardoideachais in Éirinn.  Cuirtear ardán ar fáil ann do mhic léinn agus do bhaill foirne de chuid Choláiste na Tríonóide chun eachtraí a thuairisciú go deonach agus go hanaithnid, ar bhealach sábháilte, eachtraí bulaíochta, cibearbhulaíochta, ciaptha, leithcheala, coire fuatha, eachtraí d'iompar comhéigneach nó de shrian, de stalcaireacht, d'ionsaí, de chiapadh gnéis, d'ionsaí gnéis, agus d'éigniú a tharla duit féin nó a chonaic tú.  

    Is tionscnamh náisiúnta é Speak Out arna stiúradh ag Comhairleoirí Síceolaíochta san Ardoideachas in Éirinn (PCHEI), á mhaoiniú ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, agus tacaíonn an tIonad Barr Feabhais an ÚAO um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú leis. Má thuairiscíonn tú eachtra trí Speak Out, ní iarrfar d'ainm ort ná aon sonraí pearsanta eile fút ná faoi aon duine eile agus ní ghlacfaidh an Ollscoil aon ghníomh ar leith ná próiseas gearáin foirmiúil a thosú. 

    Bailítear eolas faoi d'eispéireas ar an suíomh Speak Out agus fágann an t-eolas céanna go bhfuilimid in ann tionscnaimh a fhorbairt agus a sheachadadh atá dírithe ar fheasacht a mhéadú ar an gcineál iompair seo agus chun gníomhartha a ghlacadh chun deireadh a chur leis an iompar céanna.  Cuireann Speak Out ar chumas na hOllscoile thú a threorú go dtí tacaíocht fhónta agus cuirtear eolas ar fáil ann a bhaineann le réimse roghanna a d'fhéadfadh a bheith ina gcabhair duit chun aghaidh a thabhairt ar eachtraí leithcheala, bulaíochta, ciaptha nó mí-iompair gnéis. 

    Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin uirlis Speak Out anseo

    Tacaíocht i gColáiste na Tríonóide do Mhic Léinn

    https://www.tcd.ie/equality/speak-out/support/student-support/

  • Clinicí Sláinte Gnéis

    Is féidir leat tástáil ceirbheacs nó tástáil smearaidh a chur in áirithe nó freastal ar Chlinicí Sláinte Gnéis trí Ionad Sláinte an Choláiste. Reáchtálann siad mion-scagthástálacha le haltra, chomh maith le clinicí sláinte gnéis le dochtúir nó le haltra. 

    Chun tuilleadh eolais a fháil faoi, téigh chuig suíomh gréasáin Shláinte an Choláiste (https://www.tcd.ie/collegehealth/service/specialised.php) nó cuir glaoch orthu ar 01 896 1591 nó ar 01 896 1556.

    Clinic PrEP

    Táimid sceitimíní orainn a fhógairt go bhfuil Clinic PrEP oscailte anois ar an gcampas mar thoradh ar na obair a rinne Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

    Is féidir le PrEP VEID a chosc agus é tolgtha ag duine éigin agus stop a chur lena scaipeadh ar fud na colainne. Nuair a thógtar ceart é, fuarthas amach go bhfuil PrEP thart ar 99% éifeachtach.

    Is ceist mhór í rochtain ar PrEP ar fud an domhain, agus bíonn iallach ar dhaoine in Éirinn taisteal ar fud na tíre chun coinne a fháil. Fágfaidh sé seo go mbeidh rochtain air i lár na cathrach do na mílte fear agus do mhná trasinscneacha a mbíonn caidrimh chollaí acu le fir.

    Is féidir le duine ar bith atá ag iarraidh coinne a chur in áirithe don chlinic PrEP glaoch a chur ar dheasc fáilte Shláinte an Choláiste chun áit a chur in áirithe ar 01 8961591, 01 8961556 agus 01 8968555.

    Más maith le duine ar bith PrEP a fháil saor in aisce, beidh uimhir PSP ag teastáil, sa chás nach bhfuil uimhir PSP agat, is féidir leat an tseirbhís a úsáid saor in aisce, ach beidh ort an leigheas a cheannach.

Read more …Tacaíocht do Shláinte Gnéis agus do Dhaoine Torracha

Meabhairshláinte

Baineann cúrsaí meabhairshláinte le gach duine, agus d'fhéadfadh athrú teacht uirthi le linn ár saoil ar roinnt cúiseanna. Bíonn folláine mheabhrach againn nuair atá dóthain acmhainní againn chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn. Bíodh diagnóis agat nó ná bíodh, bíonn duine anseo le labhairt leat anseo i gcónaí. 

Tá sé le feiceáil sa taighde go mbíonn níos lú struis ar dhaoine a bhíonn ag caint le daoine agus tagann feabhas ar mheabhairshláinte daoine a labhraíonn le daoine eile freisin. Ní bí ag fulaingt go tostach - tosaímis an comhrá! Is féidir ríomhphost a chur chugam am ar bith This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. má bhíonn tú ag iarraidh labhairt, fadhbanna a réiteach nó mura bhfuil uait ach comhairle!

  • Má tá do shaol i gcontúirt anois díreach, cuir glaoch ar an uimhir 999
  • Má tá fonn ort lámh a chur i do bhás féin, cuir glaoch ar an uimhir 1800 247 100
  • Glaoigh ar Niteline ar 1800 793 793 le linn na tréimhse téarma nó ar Samaritans ar 01 671 0071 lasmuigh den tréimhse téarma.
  • Dá mb'fhearr leat téacsáil go hanaithnid, úsáid an Líne Tacaíochta Géarchéime, téacsáil HELLO chuig an uimhir 50808

Movember

Is imeacht é Movember a bhíonn ar siúl uair sa bhliain agus is minic a fhásann daoine croiméil chun an pobal a chur ar an eolas faoi deacrachtaí sláinte a bhíonn ag fir, amhail ailse próstataigh, ailse uiríoch, agus meabhairshláinte na bhfear. Is iomaí mac léinn i gColáiste na Tríonóide a ghlacfaidh páirt ann i mbliana agus cuireann siad roinnt imeachtaí spraíúla lán d’eolas ar siúl. Coinnigh súil ar @MovemberTCD ar Instagram chun tú féin a choinneáil suas chun dáta nó chun tuilleadh eolais a fháil faoi. Athraímis an dearadh a bhíonn ag daoine ar shláinte na bhfear le chéile.

Seirbhís Comhairleoireachta do Mhic Léinn

Cuireann Seirbhís Comhairleoireachta do Mhic Léinn (SCS) seirbhísí tacaíochta gairmiúla ar fail saor in aisce agus faoi rún chun cuidiú leat éirí leat le linn freastal ar Choláiste na Tríonóide. Bíonn na seirbhísí seo ar fáil ó cheann ceann na bliana do gach mac léinn atá cláraithe i gColáiste na Tríonóide. Ar fhoireann SCS tá síceolaithe agus síciteiripeoirí gairmiúla creidiúnaithe comhairleoireachta agus cliniciúla, intéirnigh, síceolaithe cúnta agus daoine faoi oiliúint.

Tá SCS suite ar an tríú hurlár de 7-9 Sráid Laighean. Cuireann siad comhairleoireacht duine le duine ar fáil chomh maith le comhairleoireacht le grúpaí, agus cláir thacaíochta agus ceardlanna tacaíochta ar líne.

Bíonn coinne comhairleoireachta éigeandála ar fáil gach lá. Chun an choinne seo a chur in áirithe, seol ríomhphost chugainn, agus glaofaidh an comhairleoir ar dualgas ar ais ort.

Tuilleadh eolais:
www.tcd.ie/Student_Counselling
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
01 896 1407

External Supports

Aware
Líne Chabhrach Dhúlagair
www.aware.ie
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
1800 80 48 48

Niteline
Seirbhís éisteachta agus comhrá
www.niteline.ie
1800 793 793

Bodywhys
Tacaíocht le haghaidh Neamhoird Itheacháin
www.bodywhys.ie
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
01 210 7906

Pieta House
Féinmharú agus féindochar
www.pieta.ie
Glaoigh saor in aisce: 1800 247 247
Téacsáil HELP chuig 51444

Líne Théacs Ghéarchéimev
Téacsáil TCD saor in aisce: 50808
www.text50808.ie/

Samaritans
Líne Chabhrach Ghéarchéime
www.samaritans.org
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
Glaoigh: 116 123

Read more …Meabhairshláinte

Sláinte agus Beatha

Tá sé fíorthábhachtach réim chothrom bia a ithe agus tú ag freastal ar an gcoláiste. Is ionann réim chothrom bia agus na cothaithigh uile a theastaíonn uait a fháil agus an méid ceart díobh a fháil freisin. Má bhíonn an iomarca de chothaitheach amháin ag daoine nó a mhalairt, seans go mbeidh tuirse orthu agus go n-aireoidh siad lag agus míshásta - agus ní fhónann sé sin do shaol gníomhach a chaitheamh mar mhac léinn!

Aclaíocht

Tá go leor buntáistí ag baint le bheith aclaí, cuireann sé feabhas ar do shláinte agus ar do mheabhairshláinte agus ní féidir saol sláintiúil sásta a chaitheamh gan é. Tá réimse leathan clubanna spóirt i gColáiste na Tríonóide agus is iomaí rang spóirt a chuirtear ar fáil sa choláiste do na mic léinn. Téigh chuig an Ionad Spóirt chun tuilleadh eolais a fháil!

Ionad Sláinte an Choláiste

Tá an tIonad Sláinte suite ar Champas na Tríonóide i dTeach 47, tríd an tollán in aice le hAmharclann Samuel Beckett.
Glaoigh 01 896 1591 nó 01 896 1556 chun comhairliúchán saor in aisce a chur in áirithe.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.tcd.ie/collegehealth.

Fisiteiripe

Is féidir leat coinne a chur in áirithe le fisiteiripeoir na Tríonóide trí Shláinte an Choláiste (College Health), atá suite in Ionad Spóirt na Tríonóide.

An tIonad Spóirt

Tá an tIonad Spóirt suite ar Champas na Tríonóide in aice le Bealach Isteach Shráid an Phiarsaigh.
Chun tuilleadh eolais a fháil glaoigh 01 896 1812 nó téigh chuig www.tcd.ie/Sport. 

Beathú Cíche

An Príomhchampas:

  • Is saoráid chomhroinnte é Seomra B119 in TBSI atá ann do mháithreacha atá ag beathú páiste le cíoch, ar mhaithe le fleibeatóime agus a úsáidtear mar otharlann. Is féidir eochracha a fháil ó fhreastalaithe ón deasc fáilte.
  • Is seomra chomhroinnte é Seomra 2032 i bhFoirgneamh na nEalaíon do bhaill an choláiste agus do mhin léinn a úsáidtear mar sheomra sosa do mháithreacha atá ag beathú páiste le cíoch. Téigh i dteagmháil leis an tseirbhís míchumais ag 01 896 3111 chun rochtain a fháil air.
  • Is féidir Seomra 1.12 ar Shráid D'Olier a úsáid, ach ní mór duit glaoch a chur ar an uimhir 01 896 3891 lena chinntiú go bhfuil an seomra ar fáil.

Ospidéal Thamhlachta:

  • Is féidir glaoch a chur ar Ionad Fiontraíochta na Tríonóide ar 01 896 3817 chun seomra príobháideach a shocrú.

Read more …Sláinte Fhisiciúil