Tacaíocht do Shláinte Gnéis agus do Dhaoine Torracha
Gheobhaidh tú cuid de na hacmhainní thíos a mholaimid má theastaíonn tacaíocht uait le linn na bliana. Bíonn AMLCT anseo le cuidiú leat agus is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag am ar bith. Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár n-oifigeach folláine agus is féidir leat teachtaireacht dhíreach a sheoladh chuig aon cheann dár leathanaigh ar na meáin shóisialta má theastaíonn freagra sciobtha uait!
Beag beann ar an lá, is é an cúram atá orainn a chinntiú go n-airíonn na mic léinn go bhfuil Aontas na Mac Léinn ag tacú leo.
Tá an fhrithghiniúint tábhachtach chun caidreamh collaí a bheith agat ar bhealach sábháilte - cosnaíonn sí daoine ar roinnt STInna agus bacann sé giniúint nuair a úsáidtear i gceart í. Is iomaí slí chun caidreamh collaí a bheith agat ar bhealach sábháilte! Tá go leor cineálacha frithghiniúna ann, mar sin tá sé tábhachtach an ceann is mó a fheileann thú féin a fháil. Chun treoir atá suas chun dáta a fháil faoi na roghanna éagsúla atá ar fáil téigh chuig www.sexualwellbeing.ie! Tá treoir ina bhfuil an méid nach mór a bheith ar eolas agat ar fáil anseo (ar fáil i dteangacha éagsúla).
Ar na cineálacha frithghiniúna atá ann tá:
- an piolla nó an piolla nach bhfuil ann ach prógaistigin
- Coiscíní nó coiscíní mná
- Diafram
- Fearas Frithghiniúnach Ionútarach
- Speirmicídí
- An Corna
- An Paiste
- Frithghiniúint InInsteallta
- An Fáinne
Cuireann an FSS coiscíní agus bealadh ar fáil saor in aisce do mhin léinn. Beidh stoc ar fáil i dTeach 6 i gcónaí má theastaíonn ceachtar acu sin uait!
Frithghiniúint Saor in Aisce
Is féidir le mná agus daoine a bhfuil útaras acu atá idir 17 agus 25 bliain d'aois frithghiniúint a fháil saor in aisce. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na costais atá clúdaithe agus faoin gcaoi ar féidir leat frithghiniúint saor in aisce a fháil, téigh chuig www.sexualwellbeing.ie.
Frithghiniúint Éigeandála
Tá cineálacha éagsúla frithghiniúna éigeandála ann a fheileann do chásanna éagsúla, ag brath ar an uair a raibh fuil mhíosa ort agus ar a fhad a bhí sé ó bhí collaí gnéis gan chosaint agat nó má theip ar do mhodh frithghiniúna. Dá thúisce a thógtar frithghiniúint éigeandála tar éis caidreamh collaí gan chosaint a bheith agat is amhlaidh is éifeachtaí atá sí.
Iarr comhairliúchán príobháideach ar phoitigéir (cógaiseoir) nó téigh chun cainte le dochtúir nó le duine i gClinic Pleanála Clainne chun an rogha is fearr duit féin a fháil amach. Is féidir leat an t-am seo a úsáid freisin chun gnáth-fhrithghiniúint a phlé.
Tá eolas maidir leis na cineálacha frithghiniúna éigeandála ar fáil anseo.
Is éard is toiliú ann, nuair a chomhaontaíonn duine/daoine go saor agus go toilteanach, gníomh gnéasach a dhéanamh le duine eile. Is coir é páirt a ghlacadh i ngníomh gnéasach le duine nár thug toiliú. Tá an dlí seo leagtha amach san Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017.
Tá sé tábhachtach fios a bheith agat go fiú má thugann tú toiliú chun páirt a ghlacadh i ngníomh gnéasach, tá cead do chinn agat d'intinn a athrú sula dtosóidh an gníomh nó ag am ar bith sula gcríochnóidh sé.
Cuimhnigh gurb ionann Toiliú agus SIFFS:
- (Tugtha go) Saor
- In-tharraingthe siar
- Feasach
- Fonnmhar
- Sonrach
Tugtha go Saor:
Is ionann rud éigin gnéasach a dhéanamh le duine agus cinneadh a dhéanamh agus ba cheart go ndéanfaí an cinneadh seo gan bhrú, gan lámh láidir, gan ionramháil, agus gan tú ar meisce nó faoi thionchar drugaí.
In-tharraingthe siar:
Tá cead ag daoine a n-intinn a athrú faoin méid atá siad ag iarraidh a dhéanamh, am ar bith. Go fiú más rud é go ndearna tú cheana é nó más rud é go bhfuil tú i lár caidreamh collaí.
Feasach:
Bí macánta. Mar shampla, má deir duine go n-úsáidfidh sé coiscín agus ansin ní úsáideann sé coiscín, ní toiliú é sin. Nuair atá go leor alcóil ólta nó go leor drugaí tógtha ag duine, ní féidir bheith cinnte ar thug nó nár thug an duine sin toiliú feasach.
Fonnmhar:
Mura bhfuil duine fonnmhar faoi, nó mura bhfuil suim ag an duine ann, ní toiliú é sin.
Sonrach:
Ní hionann, ‘sea' a rá le rud amháin (dul chuig seomra leapa chun radaireacht a dhéanamh, cuir i gcás) agus ‘sea' a rá le gníomhartha eile (amhail gnéas béil). Baineann toiliú le gníomhartha ar leith i gcásanna ar leith.
Ní mar a chéile é agus an tuiscint ar thoiliú a bhíodh ann: is é sin, go gciallaíonn ‘ná déan' ‘ná déan', agus tá sé tábhachtach go bhfuil eolas againn ar an modh sin freisin mar chéad fhreagróirí.
Toiliú le Chéile
Is é Together Consent, clár oideachais toilithe gnéis Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bunaíodh an clár in 2016, agus faoina scáth tosaíodh ar éascaíocht a dhéanamh ar cheardlanna toilithe an bhliain chéanna. Tá siad bródúil as bheith ar thús cadhnaíochta i dtaca le hOideachas Toilithe de i measc lucht Oideachais Tríú Leibhéal in Éirinn.
Má tá an méid pornagrafaíochta ar a mbreathnaíonn tú ag dul chun donachta chomh mór sin nach sásamh a thuilleadh é - déan teagmháil le duine éigin agus labhair faoi.
Faigh duine a bhfuil muinín agat as agus labhair leis faoin gcaoi a bhfuil tú ag aireachtáil. B'fhéidir go n-aireofá náirithe nó go mbeadh sé deacair ort labhairt faoi ach bíonn sé áisiúil labhairt le duine a thuigeann an cás agus atá ar mhaithe leat.
Is féidir leat tacaíocht a fháil ag an nGrúpa Téarnaimh agus Folláine Andúile:
- Ar an Máirt ag 6m
- Seirbhísí Comhairleoireachta do Mhic Léinn
- 3ú hurlár, 7-9 Sráid Laighean Theas
Má tá aon cheist agat, seol ríomhphost chuig
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi bheith ciallmhar maidir le pornagrafaíocht: www.bewiser.ie/talk-about-porn
Baintear stangadh as daoine nuair a éiríonn siad torrach gan choinne, agus airíonn daoine go bhfuil siad leo féin uaireanta, go mór mór mic léinn. Má bhíonn tú sa chás seo, déan teagmháil le dochtúir ag an Ionad Sláinte, ag an tseirbhís comhairleoireachta, ag an Well Woman Centre i mBaile Átha Cliath, nó labhair leis an Oifigeach Leasa agus Comhionannais ag
Seo a leanas roinnt tacaíochtaí seachtracha a d'fhéadfadh a bheith cabhrach:
|
My Options 1800 828 010www.myoptions.ie |
|
Women's Aid 1800 341 900www.womensaid.ie |
|
Irish Family Planning Association 1850 495 051www.ifpa.ie |
|
Ospidéal an Rotunda 01 817 1700(Abair leo go bhfuil tú ag iarraidh labhairt le duine éigin ón Aonad ionsaithe ghnéasaigh más cuí) |
|
Well Woman Centre 01 872 8051www.wellwomancentre.ie |
|
One in Four 01 662 4070www.oneinfour.ie |
|
Ionad Éigeandála Bhaile Átha Cliath um Éigniú (DRCC) 1800 778 888 www.drcc.ie |
|
|
Sainmhínítear ciapadh gnéasach sa choláiste mar ‘aon iarracht chun cur faoi deara d'aon bhall den choláiste páirt a ghlacadh i gcaidreamh collaí nó aird ghnéasach gan iarraidh a thabhairt ar dhuine den sórt sin, nó pionós a ghearradh as diúltú géilleadh, nó timpeallacht imeaglaitheach, naimhdeach nó maslach ghnéasach a chruthú'. Cuimsítear leis gach foirm ciaptha ó ráitis ghránna go dtí ionsaí gnéis.
Más rud é go raibh caidreamh collaí neamhthoilteanach agat nó dá mba mhaith leat labhairt le duine faoi dheacrachtaí a bhaineann le toiliú, labhair le hOifigeach Leasa agus Comhionannais Aontas na Mac Léinn, leis an bhFoireann Comhairleoireachta do Mhic Léinn - le Niteline, nó le Foireann Sláinte an Choláiste -. Tá gach ball foirne sna foinsí tacaíochta seo oilte go maith, bíonn ábhar na gcomhráite uile faoi rún agus ní thabharfar breithiúnas ar an té a théann ag iarraidh na tacaíochta.
Sa doiciméad 'Cad é a dhéanaim anois' (What do I do now), tá achoimre ar a mbíonn le déanamh maidir le nochtadh ionsaithe agus éignithe sa choláiste. Seiceáil - chun tuilleadh eolais a fháil.
An Uirlis Speak Out
Tuairiscigh eachtra ar an uirlis Speak Out go hanaithnid anseo.
Is uirlis tuairiscithe ar líne é Speak Out ar féidir a úsáid gan d'ainm a thabhairt má tá tú mar chuid d'institiúid ardoideachais in Éirinn. Cuirtear ardán ar fáil ann do mhic léinn agus do bhaill foirne de chuid Choláiste na Tríonóide chun eachtraí a thuairisciú go deonach agus go hanaithnid, ar bhealach sábháilte, eachtraí bulaíochta, cibearbhulaíochta, ciaptha, leithcheala, coire fuatha, eachtraí d'iompar comhéigneach nó de shrian, de stalcaireacht, d'ionsaí, de chiapadh gnéis, d'ionsaí gnéis, agus d'éigniú a tharla duit féin nó a chonaic tú.
Is tionscnamh náisiúnta é Speak Out arna stiúradh ag Comhairleoirí Síceolaíochta san Ardoideachas in Éirinn (PCHEI), á mhaoiniú ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, agus tacaíonn an tIonad Barr Feabhais an ÚAO um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú leis. Má thuairiscíonn tú eachtra trí Speak Out, ní iarrfar d'ainm ort ná aon sonraí pearsanta eile fút ná faoi aon duine eile agus ní ghlacfaidh an Ollscoil aon ghníomh ar leith ná próiseas gearáin foirmiúil a thosú.
Bailítear eolas faoi d'eispéireas ar an suíomh Speak Out agus fágann an t-eolas céanna go bhfuilimid in ann tionscnaimh a fhorbairt agus a sheachadadh atá dírithe ar fheasacht a mhéadú ar an gcineál iompair seo agus chun gníomhartha a ghlacadh chun deireadh a chur leis an iompar céanna. Cuireann Speak Out ar chumas na hOllscoile thú a threorú go dtí tacaíocht fhónta agus cuirtear eolas ar fáil ann a bhaineann le réimse roghanna a d'fhéadfadh a bheith ina gcabhair duit chun aghaidh a thabhairt ar eachtraí leithcheala, bulaíochta, ciaptha nó mí-iompair gnéis.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin uirlis Speak Out anseo
Tacaíocht i gColáiste na Tríonóide do Mhic Léinn
https://www.tcd.ie/equality/speak-out/support/student-support/
Is féidir leat tástáil ceirbheacs nó tástáil smearaidh a chur in áirithe nó freastal ar Chlinicí Sláinte Gnéis trí Ionad Sláinte an Choláiste. Reáchtálann siad mion-scagthástálacha le haltra, chomh maith le clinicí sláinte gnéis le dochtúir nó le haltra.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi, téigh chuig suíomh gréasáin Shláinte an Choláiste (https://www.tcd.ie/collegehealth/service/specialised.php) nó cuir glaoch orthu ar 01 896 1591 nó ar 01 896 1556.
Clinic PrEP
Táimid sceitimíní orainn a fhógairt go bhfuil Clinic PrEP oscailte anois ar an gcampas mar thoradh ar na obair a rinne Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Is féidir le PrEP VEID a chosc agus é tolgtha ag duine éigin agus stop a chur lena scaipeadh ar fud na colainne. Nuair a thógtar ceart é, fuarthas amach go bhfuil PrEP thart ar 99% éifeachtach.
Is ceist mhór í rochtain ar PrEP ar fud an domhain, agus bíonn iallach ar dhaoine in Éirinn taisteal ar fud na tíre chun coinne a fháil. Fágfaidh sé seo go mbeidh rochtain air i lár na cathrach do na mílte fear agus do mhná trasinscneacha a mbíonn caidrimh chollaí acu le fir.
Is féidir le duine ar bith atá ag iarraidh coinne a chur in áirithe don chlinic PrEP glaoch a chur ar dheasc fáilte Shláinte an Choláiste chun áit a chur in áirithe ar 01 8961591, 01 8961556 agus 01 8968555.
Más maith le duine ar bith PrEP a fháil saor in aisce, beidh uimhir PSP ag teastáil, sa chás nach bhfuil uimhir PSP agat, is féidir leat an tseirbhís a úsáid saor in aisce, ach beidh ort an leigheas a cheannach.


