TOGHCHÁIN
Ar smaoinigh tú riamh páirt a ghlacadh in AMLCT? Is é an tslí is fearr le do chead cainte a bheith agat sna ceisteanna a ndírímid orthu ná seasamh le haghaidh toghcháin. Má tá spéis agat sa chóir shóisialta nó timpeallachta, nó murar mian leat ach cuidiú linn an tAontas a reáchtáil, ainmnigh thú fein <3
Ní gá duit aon taithí leis an Aontas a bheith agat chun seasamh! Ní raibh taithí Aontais roimh ré ag neart ár nOifigeach, ó Oifigigh Shabóideacha go hIondaithe Ranga. Má tá ceist ar bith agat faoi ról, téigh i dteagmháil leis an oifigeach reatha nó seol ríomhphost chuig
Reáchtálann an t-aontas na céadta toghchán i rith na bliana ag brath ar an gcineál róil, foghlaimítear fúthu thíos. Tá na rialacháin um reáchtáil na dtoghchán ar fad i Sceideal 3.
Céard é Ionadaí Ranga?
Más Ionadaí Ranga thú, beidh an deis agat labhairt ar son do chuid cairde sa rang leat leis na léachtóirí, leis na riarthóirí agus leis an scoil. Beidh deis agat uair sa mhí a bheith i d’ionadaí do na daoine sa rang céanna leat ag Comhairle AMLCT agus ag Tionól do Dháimhe. Déanfaidh tú obair ríthábhachtach sa ról seo sa mhéid is go ndéanfaidh tú cinntí a rachaidh i bhfeidhm ar gach mac léinn sa choláiste.
Is deis atá ann a bheith i d’Ionadaí Ranga, agus bíonn sé spraíúil scileanna nua a fhoghlaim, casadh le daoine nua, agus do chuid tuairimí a roinnt maidir leis an taithí atá agat ar Choláiste na Tríonóide, agus roinnfidh tú na tuairimí sin sna feachtais a reáchtálann AMLCT!
Cén chaoi a seasann tú sa toghchán?
Chun seasamh sa toghchán, ainmnigh tú fein leis an nasc thuas. Bíonn Toghcháin na nIonadaithe ar siúl ag tús gach bliana acadúla. Bíonn ainmniúcháin do na hionadaithe ranga oscailte ón 7 Meán Fómhair go dtí an 23 Meán Fómhair agus caithfear na vótaí ón 30 Meán Fómhair go dtí an 2 Deireadh Fómhair.
Dá mba mhaith leat cur isteach ar fholúntas, is féidir leat iarratas a dhéanamh air trí ríomhphost a chur chuig an seoladh ríomhphoist chuig
Céard a tharlóidh má thoghfar thú?
Má thoghtar thú, gheobhaidh tú ríomhphost mar chomhghairdeas. Gheobhaidh tú cuireadh ansin chun freastal ar oiliúint le bheith i d’ionadaí ranga, a bheidh ar siúl ar an deireadh seachtaine, ar an 10 agus an 11 Deireadh Fómhair, agus gheobhaidh tú eolas faoi do ról, faoi na dualgais a bhaineann leis agus faoin tacaíocht atá ar fáil duit chun an leas is fearr a bhaint as!
Lámhleabhar na nIonadaithe Ranga
Tá cur síos ar ról an ionadaí ranga i Lámhleabhar na nIonadaithe Ranga, chomh maith leis an méid atáthar ag súil go ndéanfá agus an chaoi is fearr chun na dualgais sin a chomhlíonadh. Luaitear ann roinnt mhaith de na seirbhísí áisiúla ar fud an Choláiste.
Tá an-chuid coistí ag AML le roinnt ról ar fáil. Is minic a thoghtar róil choiste ag an gComhairle agus cuid ról ar fáil trí phróiséas iarratais. Coimhéad ríomhphost seachtainiúil AML le folúntais a fheiscint.
Coistí na Comhairle:
● Coiste na bhFeachtas
● An Coiste Oideachais
● An Coiste Leasa
● An Coiste Cumarsáide
● Coiste na Gaeilge
● An Grúpa Comhairleach GAME
● An Coiste Siamsa
● Coiste na gComhchéimeanna Onóracha
● An Coiste Idirnáisiúnta
● BDS
● An Coiste Rochtana
● An Coiste um Chúrsaí Lasmuigh den Champas agus Socrúchán Cliniciúil
● An Coiste um Ghníomhaíocht Timpeallachta
● An Grúpa Oibre um Athbhreithniú Bunreachta
● An Coiste Cartlainne
● Fóram na dTaighdeoirí Iarchéime
● Rannóg an Aistriúcháin
● An Coiste Eagrúcháin um Éagsúlacht ETIM
● Grúpa Oibre na Rannpháirtíochta
Is féidir le gach mac léinn na Tríonóide seasamh le bheith ina Thionólaí Chúrsa Scoile nó ina Thionólaí Dáimhe ag Tionól Dáimhe deireanach na bliana acadúla! Tá tionólaí Iarchéime agus Fochéime ag gach scoil agus dámh le hionadaíocht a dhéanamh ar gach mac léinn sa scoil sin.
Cad a Dhéanann Tionólaí Scoile/Cúrsa?
● Déanann siad ionadaíocht ar mhic léinn a dtoghcheantair ag cruinnithe choiste feidhmiúcháin na scoile agus ag cruinnithe choiste na scoile.
● Tuairiscíonn siad d’Iondaithe Ranga a dtoghcheantair faoi na cruinnithe seo.
● Tugann siad comhairle agus cúnamh don Thionólaí Dáimhe faoi chomhordú na nIonadaithe Ranga sa scoil sin.
● Tugann siad comhairle agus cúnamh do na hIonadaithe Ranga sa scoil lena n-Obair ionadaíochta.
● Soláthraíonn siad lámhleabhar dá gcomharba.
● Soláthraíonn siad tuairiscí dá dTionól Dáimhe uair sa bhliain acadúil ar a laghad.
● Cuireann siad polasaí aontais um a réimse cumais le chéile ionas go ndéanfar díospóireacht faoi ag an gComhairle.
Conas a Sheasaim?
● Freastal ar Thionól Dáimhe deireanach na bliana acadúla. Mura bhfuil tú cinnte cathain a bheidh an tionól dáimhe deireanach, seol ríomhphost chuig an Tionólaí Dáimhe is cuí leat.
○ Ealaíona, Daonnachtaí agus Eolaíochtaí Sóisialta -
○ ETIM -
○ Eolaíochtaí Sláinte -
● Ag an gcruinniú seo, ardaigh do lámh chun thú féin a ainmniú nuair a ghlaofar do ról Thionólaí. Cuideoidh an Tionólaí Dáimhe nó Ionadaí Ranga leis (is féidir leat iarraidh ar dhuine cuidiú leat roimh ré más mian leat ach ní gá duit!).
● Má sheasfaidh níos mó ná duine amháin don ról, iarrfar ar gach iarrthóir labhairt ar feadh nóiméid le míniú cén fáth ar mian leo seasamh.
● Ina dhiaidh sin, caithfidh na hIonadaithe Ranga go léir vótaí agus toghfar an t-iarrthóir a gheobhaidh tromlach na vótaí. Is minic go bhfuil folúntais i dtionólaithe scoile, más spéis leat seic a dhéanamh an bhfuil folúntas ann, téigh i dteagmháil leis an tionólaí dáimhe is cuí leat (ríomhphoist thuas).
Cad is OPA ann?
● An tOifigeach Comhionannais Inscne-
● An tOifigeach Lasmuigh den Champas -
● Oifigeach na gCeart LADT+ -
● An tOifigeach Timpeallachta -
● An tOifigeach Saoránachta -
● Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta -
● Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta -
● An tOifigeach um Mic Léinn faoi Mhíchumas -
● An tOifigeach Rochtana -
● Oifigeach na Mionlach Eitneach -
● Oifigeach na gComaitéirí-
● Tionólaí Fhóram na nDeonach -
● Oifigeach na Mac Léinn is Tuismitheoirí -
Tá na róil seo foirfe más spéis leat ionadaíocht a dhéanamh ar ghrúpa mac léinn ar leith, agus feachtais shóisialta/timpeallachta a eagrú tríd an Aontas. Is baill Fhóram an Aontais, Chomhairle AML, agus na bhFochoistí éagsúla iad na hOifigigh Pháirt-Aimseartha.
Conas a Sheasaim?
● Freastal ar Chomhairle AML dheireanach na bliana acadúla.
● Ag an gcruinniú, más ball tofa na Comhairle thú is féidir leat do lámh a ardú chun thú fhéin a mholadh do thoghchán. Cuideoidh Oifigeach Sabóideach nó duine de bhaill thofa na Comhairle i láthair leis (is féidir leat iarraidh ar dhuine cuidiú leat roimh ré más mianleat ach ní gá duit!). Murar ball na Comhairle thú caithfear go molfaidh ball thú agus go gcuideoidh ball eile leat más mian leat seasamh - ach is féidir leat teacht ar an oíche agus beidh daoine i gcónaí sásta thú a ainmniú!
● Má sheasfaidh níos mó ná duine amháin don ról, iarrfar ar gach iarrthóir labhairt ar feadh nóiméid le míniú cén fáth ar mian leo seasamh.
● Ina dhiaidh sin, caithfidh baill na Comhairle vótaí ar son an iarrthóra is fearr leo.
Tá dhá choimisiún ag an aontas a bhfuil mar aidhm acu rialachas láidir a chur chun cinn laistigh den aontas. Tá na róil seo foirfe más duine dírithe ar na sonraí thú atá sásta obair sa chúlra le cinntiú go reáchtáiltear toghcháin an aontais agus cruinnithe na Comhairle gan stró, agus go bhfuil a oifigigh thofa ag comhlíonadh a sainorduithe. Is iad na coimisiúin cloch choirnéil an aontais - ní bheadh an t-aontas in ann feidhmiú gan forais láidre rialachais.
An Coimisiún Toghcháin (CT):
Tacaíonn an CT leis an gCeann Comhairle agus iad ag reáchtáil na Comhairle, ag soláthar léirmhínithe Bhunreacht an Aontais agus ag reáchtáil Thoghcháin uile an Aontais. Is iad baill an CT ná an cathaoirleach (Ceann Comhairle), an rúnaí (an tOifigeach Oideachais), beirt ball débhliantúil agus ceathrar ball bliantúil. Toghtar na róil seo (seachas an rúnaí arb ann dó de bhrí oifige) ag Comhairle dheireanach na bliana. Chun seasamh le haghaidh Chathaoirleach an CT caithfidh tú taithí bliana ar an gCT a bheith agat ar a laghad. Má tá aon cheist agat faoin gCT agus a thoghcháin is féidir dul i dteagmháil leo ag
An Coimisiún Maoirseachta (CM):
Tacaíonn an CM le Rúnaí na Comhairle agus é ag breacadh miontuairiscí don Chomhairle, ag soláthar léirmhínithe pholasaí an Aontais, agus ag cur polasaithe agus Bhunreacht an Aontais i bhfeidhm. Is iad baill an CM ná an cathaoirleach (Rúnaí na Comhairle), ball seachtrach, agus ceathrar ghnáth-bhall. Toghtar na róil seo (seachas an ball seachtrach) ag Comhairle dheireanach na bliana. Más mian leat seasamh do Chathaoirleach an CM caithfidh tú taithí bliana ar an gCM a bheith agat ar a laghad. Má tá ceist ar bith agat faoin gCM is féidir dul i dteagmháil leo ag
Is iad na hOifigigh Shabóideacha oifigigh lánaimseartha an Aontais, glacann síad bliain as a gcuid staidéir le hionadaíocht a dhéanamh ar mhic léinn. Cúitítear iad le tuarastal agus lóistín. Reáchtáiltear an toghchán d’Oifigigh Shabóideacha agus Eagarthóir the University Times i rith cúpla seachtain ag tús an dara seimeastair. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na sainróil s’acu is féidir leat dul i dteagmháil leis an oifigeach reatha.
Róil Shabóideacha
- An tUachtarán -
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. - An tOifigeach Oideachais -
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. - An tOifigeach Leasa agus Comhionannais -
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. - An tOifigeach Cumarsáide agus Margaíochta -
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. - An tOifigeach Siamsa -
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. - Oifigeach na Gaeilge -
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. - Oifigeach na gCéimithe
- Eagarthóir the University Times -
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
Sonraí Ráis Ceannaireachta 2026
Osclófar ainmniúcháin ag 9.00 Dé Luain 18 Eanáir 2027 agus dúnfar iad ag 12.00 Dé hAoine 29 Eanáir 2027. Chun ainmniúchán bailí a chur isteach, ní mór d’iarrthóirí éarlais €25 a íoc don CT roimh 12.00 Dé hAoine 29 Eanáir 2027.
Fógrófar iarrthóirí ar mheáin shóisialta an AMLCT agus ar chéimeanna Tí 6 ag 17.00 Dé hAoine 29 Eanáir 2027. Ina dhiaidh, ní mór do gach iarrthóir agus bainisteoir feachtais freastal ar an Seisiún Eolais Thoghchánaíochta.
Tosóidh an tréimhse feachtais Dé Luain 15 Feabhra 2027 ag 10.00 agus críochnóidh sé Dé hAoine 26 Feabhra 2027 ag 16.00. Tosóidh an tréimhse toghchánaíochta Dé Céadaoin 24 Feabhra 2027 ag 10.00 agus críochnóidh sé Dé hAoine 26 Feabhra 2027 ag 16.00. Fógrófar na torthaí tráthnóna Dé hAoine 26 Feabhra.
Is féidir aon cheist faoin ról a chur faoi bhráid an oifigigh chuí (ríomhphoist thuas). Is féidir aon cheist faoi reáchtáil na dtoghchán a chur faoi bhráid Chathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin (


