Skip to main content
Student Leap Card image

Cárta Leap do Mhic Léinn
Cárta Taistil agus Lascaine Náisiúnta do Mhic Léinn

Is gníomhairí Cárta Leap do Mhic Léinn muid, agus is féidir linn an cárta a eisiúint do gach mac léinn atá incháilithe.

Chun Cárta Leap do Mhic Léinn 2025/26 a fháil, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar líne ag leapcard.ie

Tabhair faoi deara nach féidir linn d'iarratas a dhearbhú ná a phróiseáil nó go bhfaomhfaidh Cárta Leap do Mhic Léinn. Ná téigh isteach chuig ár n-oifig agus ná cuir d'ainm síos le haghaidh fíorú go cianda nó go bhfaighidh tú ríomhphost ag iarraidh ort teagmháil a dhéanamh le gníomhaire.


Chun do chárta a bhailiú ó Choláiste na Tríonóide

Buail isteach chuig ár n-oifig idir 9:30am agus 5pm, Luan go hAoine. Is féidir leat féachaint ar léarscáil dár suíomh ag bun an leathanaigh.


Dá mba mhaith leat go seolfaí an cárta chugat

Cliceáil thíos chun d’ainm a chur síos dár seirbhís Fíoraithe Chianda
Má fheiceann tú teachtaireacht ina gcuirtear in iúl gur scriosadh an fhoirm, glan an taisce, nó deaschliceáil an bosca gorm, roghnaigh ‘Cóipeáil seoladh an naisc' agus greamaigh an seoladh céanna i do bhrabhsálaí.