Skip to main content

Leabharlanna

Tá Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar an leabharlann i mó sa tír. Is leabharlann taisce dlí í, agus mar sin tá an leabharlann i dteideal cóip a fháil de gach teideal leabhair agus irise a fhoilsítear in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Tá rochtain agat ar 7,000,000 imleabhar clóite agus ar bhailiúchán suntasach ar líne de 900,000 ríomhleabhar agus ar 150,000 ríomh-irisleabhar. 

Tá cúig phríomhfhoirgneamh leabharlainne ann:

  • Leabharlann Boland, Leabharlann Lecky, Leabharlann Ussher (Coimpléasc BLU):
    • Cuimsítear leo sin, bailiúcháin sna hEalaíona, sna Daonnachtaí agus sna hEolaíochtaí Sóisialta, chomh maith le hábhair eile amhail Altranas agus Cnáimhseachas.
  • Leabharlann Hamilton:
    • Faigh leabhair faoi na hEolaíochtaí Sláinte, faoi na hEolaíochtaí Nádúrtha, faoin Ríomheolaíocht, faoin Innealtóireacht, faoin Staitistic agus faoin Matamaitic.
  • Leabharlann Leighis John Stearne:
    • Tá an leabharlann suite in Ionad na Tríonóide le haghaidh na nEolaíochtaí Sláinte in Ospidéal San Séamas, agus tá bailiúchán leighis an Choláiste ann.
  • Seomra Léitheoireachta 1937
    • Limistéar Staidéir do mhic léinn iarchéime amháin.
  •  An tSean-Leabharlann:
    • Cuirtear rochtain ar fáil sa Seomra Léitheoireachta Bailiúchán Comhthaighde (an áit a bhfuil ranna na Leabhar Clóite agus na Lámhscríbhinní is Luaithe agus Cartlainne) ar na leabhair is sine agus is luachmhaire sa Leabharlann, chomh maith le os cionn 20,000 bailiúchán lámhscríbhinní agus cartlann, ina bhfuil ábhar ón 13ú haois go dtí an lá atá inniu ann.

Rochtain

  • Teastaíonn do chárta mic léinn (do Chárta Tríonóide [TCard]) chun dul isteach sna leabharlanna agus chun leabhair a fháil ar iasacht: tcard.tcd.ie
  • Is féidir an aip ‘Trinity Live' a úsáid freisin chun rochtain a fháil ar spásanna leabharlainne: https://trinitylive.tcd.ie/
  • Faigh uaireanta oscailte na Leabharlainne anseo: tcd.ie/library

Leabharlannaithe Ábhair:

  • Tá suíomhanna gréasáin ag na Leabharlannaithe Ábhair atá lán d'acmhainní ardchaighdeáin le húsáid i do mheasúnú, i d'aiste nó i dtaighde eile. Seol ríomhphost chuig do Leabharlannaí Ábhair faoi do riachtanais oiliúna: is féidir ranganna agus comhairliúcháin duine le duine a chur ar fáil ar réimse scileanna eolais, lena n-áirítear, cén chaoi chun catalóg na Leabharlainne a úsáid, cén chaoi chun tagairtí a dhéanamh agus cén chaoi chun bradaíl a sheachaint, eolas faoi chuardach bunachar sonraí, faoi mheasúnú eolais, agus faoi EndNote.

Catalóg:

  • Is í catalóg na Leabharlainne an túsphointe chun leabhair, irisleabhair agus DVDanna a fháil chomh maith le réimse ollmhór d'acmhainní ar líne. Níl ort ach eochairfhocal a chlóscríobh chun tosú ag cuardach. https://www.tcd.ie/library/

Stóráil:

  • Is mar gheall ar mhéid na mbailiúchán, go gcaitear cuid de na leabhair a stóráil ach is féidir iad a fháil. Tabharfar treoir duit sa chatalóg iarratas a dhéanamh agus gheobhaidh tú ríomhphost nuair a bheidh an leabhar le fáil.

Iasachtaí:

  • Úsáid na bothanna chun leabhair a fháil ar iasacht agus chun leabhair a thabhairt ar ais agus ní bheidh aon ghá duit seasamh i scuaine ag cuntair na Leabharlainne. Is féidir leat suas le deich leabhar a fháil ar iasacht in aon iarraidh amháin ónár seilfeanna oscailte agus ónár mbailiúcháin stórála dhúnta. Cuirtear cuid de na leabhair agus de na hirisleabhair is mó a úsáidtear – inár mbailiúchán tagartha a mbíonn an-éileamh air – ar fáil le léamh sa Leabharlann ach ní féidir iad a thógáil amach ar iasacht. Is iondúil gur earraí iad seo ar do Liosta Léitheoireachta agus is sa Leabharlann amháin a bhíonn siad sin le húsáid. Fágann an córas sin go bhfuil an seans céanna ag gach duine leabhar a fháil. Seans maith go mbeidh cóipeanna eile de na leabhair sa Leabharlann is féidir leat a fháil ar iasacht. Is féidir eolas dá shórt a fháil sa chatalóg. 

My Library Account:

  • Is éard atá in My Library Account, do chuid féin de shuíomh gréasáin na Leabharlainne, áit a bhfuil tú in ann a fhiosú cé atá leabhair le tabhairt ar ais nó nach bhfuil agus is féidir iad a athnuachan más gá. Sa chás nach dtugtar na leabhair ar ais in am, seans go ngearrfar fíneáil ort, mar sin is fiú súil a choinneáil ar na dátaí. Mura dteastaíonn an leabhar a fuair tú ar iasacht ó aon duine, is féidir leat é a athnuachan cúig uaire ar a mhéad, rud a fhágann go bhféadfá leabhar a fháil ar iasacht go ceann sé mhí.

HITS na Leabharlainne 

  • Cuirfear cúrsaí HITS na Leabharlainne ar siúl ar líne le linn na chéad seachtainí den téarma. Cuideoidh siad leat eolas a chur ar acmhainní na Leabharlainne ar fad agus taispeánfaidh siad duit an chaoi leis an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint astu.

Seomraí Staidéir:

  • Seomraí Staidéir do Ghrúpaí sa Leabharlann:

    • Bíonn rochtain ag mic léinn chláraithe ar sheomraí staidéir do ghrúpaí le linn uaireanta oscailte na Leabharlainne, a fhad is go bhfuil beirt nó níos mó sa ghrúpa atá ag iarraidh oibriú le chéile ar thionscadail agus ar mheasúnuithe.
    • Cuir áit in áirithe anseo: https://www.tcd.ie/library/using-library/study-rooms.php
  • Seomraí Seirbhíse TF agus Saotharlanna Mac: