Skip to main content

Ava Tuohy
tOifigeach Iarchéime

An tOifigeach Iarchéime

Ava Tuohy

Ava Tuohy is ainm dom agus is mise an tOifigeach Iarchéime don bhliain acadúil seo!

An ról atá agam ná déanaim ionadaíocht ar mhic léinn iarchéime agus tugaim tacaíocht dóibh i rith a gcuid ama i gColáiste na Tríonóide. Más atá imní ort faoi do thaighde, do mhaoirseacht, do mhaoiniú, d’ualach oibre, nó faoi do leas ginearálta, táim anseo chun comhairle, abhcóideacht agus tacaíocht a chur ar fáil. Mura bhfuil tú cinnte cá háit le casadh, nó má theastaíonn duine uait chun cabhrú leat dul i ngleic le ceist, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh liom.

Oibrím go dlúth leis an Uachtarán freisin chun feachtais a stiúradh ar son maoiniú cothrom d’iarchéimithe, deontas cothabhála níos fearr, agus cearta fostaíochta do thaighdeoirí iarchéime. Ina theannta sin, oibrím leis an Oifigeach Oideachais chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna acadúla a mbíonn tionchar acu ar mhic léinn iarchéime. In éineacht leis an Oifigeach Leasa agus Comhionannais, cabhraím le tionscnaimh a fhorbairt a chuireann folláine na mac léinn iarchéime chun cinn, le béim ar mheabhairshláinte, ar chúnamh airgeadais, agus ar chothromaíocht shláintiúil idir an obair agus an saol pearsanta. Oibrím freisin leis an Oifigeach Siamsaíochta chun imeachtaí agus deiseanna líonraithe a eagrú a chuidíonn le pobal bríomhar iarchéime a chothú.

Gné thábhachtach eile de mo ról ná déanaim ionadaíocht ar mhic léinn iarchéime ag na leibhéil is airde den Choláiste. Suím ar roinnt coistí, lena n-áirítear Bord Choláiste na Tríonóide, Comhairle na hOllscoile, an Coiste um Staidéir Iarchéime, agus an Coiste um Shaol na Mac Léinn. Tugann sé seo deis dom a chinntiú go gcloistear guthanna, taithí agus tosaíochtaí na mac léinn iarchéime agus cinntí á ndéanamh.

Is é cuspóir mo chuid oibre ná cabhrú le do thaithí mar mhac léinn iarchéime a dhéanamh chomh dearfach agus chomh tairbheach agus is féidir. Má tá ceist agat, tacaíocht uait, nó más mian leat saincheist a bhaineann le mic léinn iarchéime a ardú, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil liom. Táim anseo chun cabhrú leat ar aon bhealach is féidir liom!