Tá sé fíorthábhachtach réim chothrom bia a ithe agus tú ag freastal ar an gcoláiste. Is ionann réim chothrom bia agus na cothaithigh uile a theastaíonn uait a fháil agus an méid ceart díobh a fháil freisin. Má bhíonn an iomarca de chothaitheach amháin ag daoine nó a mhalairt, seans go mbeidh tuirse orthu agus go n-aireoidh siad lag agus míshásta - agus ní fhónann sé sin do shaol gníomhach a chaitheamh mar mhac léinn!
Aclaíocht
Tá go leor buntáistí ag baint le bheith aclaí, cuireann sé feabhas ar do shláinte agus ar do mheabhairshláinte agus ní féidir saol sláintiúil sásta a chaitheamh gan é. Tá réimse leathan clubanna spóirt i gColáiste na Tríonóide agus is iomaí rang spóirt a chuirtear ar fáil sa choláiste do na mic léinn. Téigh chuig an Ionad Spóirt chun tuilleadh eolais a fháil!
Ionad Sláinte an Choláiste
Tá an tIonad Sláinte suite ar Champas na Tríonóide i dTeach 47, tríd an tollán in aice le hAmharclann Samuel Beckett. Glaoigh 01 896 1591 nó 01 896 1556 chun comhairliúchán saor in aisce a chur in áirithe. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.tcd.ie/collegehealth.
Fisiteiripe
Is féidir leat coinne a chur in áirithe le fisiteiripeoir na Tríonóide trí Shláinte an Choláiste (College Health), atá suite in Ionad Spóirt na Tríonóide.
An tIonad Spóirt
Tá an tIonad Spóirt suite ar Champas na Tríonóide in aice le Bealach Isteach Shráid an Phiarsaigh. Chun tuilleadh eolais a fháil glaoigh 01 896 1812 nó téigh chuig www.tcd.ie/Sport.
Beathú Cíche
An Príomhchampas:
Is saoráid chomhroinnte é Seomra B119 in TBSI atá ann do mháithreacha atá ag beathú páiste le cíoch, ar mhaithe le fleibeatóime agus a úsáidtear mar otharlann. Is féidir eochracha a fháil ó fhreastalaithe ón deasc fáilte.
Is seomra chomhroinnte é Seomra 2032 i bhFoirgneamh na nEalaíon do bhaill an choláiste agus do mhin léinn a úsáidtear mar sheomra sosa do mháithreacha atá ag beathú páiste le cíoch. Téigh i dteagmháil leis an tseirbhís míchumais ag 01 896 3111 chun rochtain a fháil air.
Is féidir Seomra 1.12 ar Shráid D'Olier a úsáid, ach ní mór duit glaoch a chur ar an uimhir 01 896 3891 lena chinntiú go bhfuil an seomra ar fáil.
Ospidéal Thamhlachta:
Is féidir glaoch a chur ar Ionad Fiontraíochta na Tríonóide ar 01 896 3817 chun seomra príobháideach a shocrú.