Skip to main content
Ár Struchtúr

Níor cheart talamh slán a dhéanamh de na haontais. Ní neart go cur le chéile – déantar ionadaíocht do gach mac léinn in AMLCT i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ón mbliain 1968 i leith, is é a thug le chéile muid le teacht ar an tuairimíocht chéanna ar cheisteanna a bhaineann le cúinsí foghlama, leithcheal, aicmeachais agus éagothroime.

Is leatsa an t-aontas seo! Céard a chiallaíonn sé sin? Ar na rudaí is tábhachtaí le bheith ar an eolas faoi Aontas Mac Léinn ná is tusa an saoiste air. Is tusa a thoghann na hoifigigh, is leatsa na siopaí agus Caifé Aontas na Mac Léinn. Trí bhíthin d'ionadaí ranga, is tusa a roghnaíonn na tosaíochtaí agus na bearta a dhéanfaidh an tAontas i gcaitheamh na bliana.

Cad is "Ionadaíocht" ann?

Samhlaigh gur chuir tú cogar i gcluas mic léinn. Samhlaigh go ndúirt tú leis:

"Beidh ort an bhliain seo a dhéanamh an athuair - sílim go raibh tú ag caimiléireacht i scrúdú"... Nó "Gearrfaimid €2500 de tháillí coláiste ort (ar a laghad) in aghaidh na bliana...... Nó "Beimid ag fáil réidh leis na spásanna saor in aisce do mhic léinn ina gcasann cairde le chéile agus ina n-itheann daoine a lóin"

An dtabharfá na cosa leat ina dhiaidh sin? Is dóigh go dtabharfá, ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, i gcás fhormhór na mac léinn, idir bheith ag staidéar, ag obair, ag déanamh cuideachta le chéile agus gach cúram eile a bhíonn orthu, ní bhíonn sé d'am acu eolas a chur ar a gcuid cearta uile, i gcónaí, gan trácht ar mhisneach a bheith acu iad a chur i bhfeidhm. Ar an dara dul síos, ní féidir le duine amháin ach méid áirithe a dhéanamh leis féin.

Ach, anois, samhlaigh go gcuirtear cogar i gcluas an mhic léinn sin ach go dtagann Ionadaí Ranga de chuid Aontas na Mac Léinn i gcabhair air lena rá: "Níl cead agat líomhain bradaíola a dhéanamh in aghaidh mic léinn agus iallach a chur air an bhliain a dhéanamh in athuair. Má cheaptar go ndearnadh bradaíl, ní mór duit an nós imeachta atá leagtha amach san Fhéilire CTBÁC a leanúint, a thugann deis don mhac léinn sin freagra a thabhairt i leith na líomhna i gcruinniú, agus a theagascóir nó ionadaí de chuid Aontas na Mac Léinn ag tacú leis."

Ní neart go cur le chéile. Tá breis agus 20,000 mac léinn i gColáiste na Tríonóide, idir mhic léinn fochéime agus iarchéime. Tá gach duine acu ina bhall de AMLCT, agus tá an t-aontas ann chun tacú leat. Agus muid ag seasamh le taobh a chéile, ní féidir muid a chur go snaidhm an rópa – tá an chumhacht againn le rá go bhfuil ár ndóthain againn de rud.

An chaoi a ndéanann AMLCT ionadaíocht duit agus tú sa gColáiste
Ar leibhéal an Chúrsa/na Scoile/na Dáimhe

Déanann AMLCT ionadaíocht duit ar mhaithe leat laistigh de Choláiste na Tríonóide. Is minic gurb í an obair is éifeachtaí, an obair a dhéantar ar bhonn áitiúil, agus is ar an gcaoi sin a bhfuil tú in ann páirt a ghlacadh san Aontas. Ní féidir leis na cúig Oifigeach Shabóideacha a bheith i ngach rang ná i ngach saotharlann, ach mar Ionadaí Ranga nó mar Thionólaí, déanfaidh an duine sin cinnte go dtugaimid tús áite do chúrsaí a bhaineann leat féin agus le do chuid cairde. Is cuma más scrúduithe, léachtaí, nó cláir ama atá i gceist – cibé fadhb í féin, is féidir le mic léinn í a réiteach ach iad a bheith ag obair as lámha a chéile.

  • Ionadaithe Ranga

    Ag tús na bliana acadúla, toghann gach fochéimí agus iarchéimí Ionadaí Ranga a ghlacann páirt i gComhthionól a nDáimhe (STEM/AHSS/HS) agus Comhairle Aontais Mac Léinn. Tá freagracht ag baint le bheith mar ionadaí ranga, ach bíonn spraoi ag baint leis freisin! Ionadaí Ranga:
    • Is éard atá in Ionadaí Ranga ná nasc idir baill an aontais agus a dTionólaithe/a nOifigigh.
    • Agus déanann an t-ionadaí ionadaíocht do na mic léinn ar choistí dáimhe agus roinne, ina dtugtar aghaidh ar cheisteanna amhail athruithe ar chúrsaí, ar pholasaithe an choláiste, agus ar thoghadh na gceann roinne agus na ndéan dáimhe.
    • Glacann an t-ionadaí páirt i gcruinnithe Chomhairle Aontas na Mac Léinn agus treoraíonn sé Oifigigh Shabóideacha lánaimseartha ina gcuid oibre.
    • Cabhraíonn an t-ionadaí le mic léinn ina rang féin, ach aghaidh a thabhairt ar bhuncheisteanna agus trí mhic léinn i gcruachás a chur chuig an Oifigeach Oideachais, chuig an Oifigeach Leasa agus Comhionnanais, nó chuig seirbhísí an choláiste amhail an Teagascóir Sinsearach.
    • Is féidir leis an ionadaí seirbhísí a reáchtáil, amhail geansaithe cochallacha cúrsa, imeachtaí sóisialta (ach cúnamh a fháil ón Oifigeach Siamsaíochta), chomh maith le haon rud eile a bheidh ar siúl!
  • Tionólaithe Scoile

    Bíonn gach rang laistigh de scoil de 24 scoil i gColáiste na Tríonóide, tá Tionólaí Scoile AMLCT ag gach scoil. Déanann na tionólaithe cinnte go n-oibríonn na hIonadaithe Ranga ina scoil le chéile chun fadhbanna a réiteach a bhfuil tionchar acu ar a gcúrsaí uile, m.sh. socrú amchlár, prótacail mheasúnaithe. Déanann Tionólaithe Scoile AMLCT ionadaíocht duit i gcruinnithe Fheidhmeannas na Scoile ina ndéanann na baill foirne cinnte faoin gcaoi a reáchtálann a scoil léachtaí, measúnuithe, scrúduithe, srl. Reáchtálann roinnt scoileanna cruinnithe Coiste Scoile ar féidir leis na hIonadaithe Ranga freastal orthu.
  • Tionólaithe Dáimhe

    Tagann gach Scoil faoi scáth ceann de Thrí Dhámh na Tríonóide:
    • EDES (Na hEalaíona, na Daonnachtaí, agus Eolaíochtaí Sóisialta)
    • ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic)
    • ES (Eolaíocht Sláinte)
    Tá Tionólaí Dáimhe ag gach Dámh chomh maith le Leas-Tionólaí a oibríonn le chéile chun Tionólaithe Scoile agus Ionadaithe Ranga a nDáimhe a chomhordú. Is éard atá i gComhthionóil Dáimhe ná cruinnithe ina mbíonn an Tionólaí Dáimhe/an Leas-Tionólaí, na Tionólaithe Scoile agus na hIonadaithe Ranga. Cuirtear na comhthionóil ar siúl chun fadhbanna a bhaineann le dámh ar leith a réiteach (socrúchán, saotharlanna, obair allamuigh, srl.) agus fadhbanna áitiúla (cathaoireacha briste, ranganna róphlódaithe, srl.)

    Déanann na Tionólaithe Dáimhe AMLCT ionadaíocht duit ar mhaithe leat ag Comhairle na hOllscoile, rud a bhfreastalaíonn siad air le hOifigeach Oideachais AMLCT.
Fóram an Aontais

Tagann Fóram an Aontais (FA) le chéile gach coicís, agus freastalaíonn seachtar Oifigeach Shabóideacha sin na Dáimhe, an naonúr Oifigeach Páirtaimseartha, an triúr Tionólaithe Dáimhe, Cathaoirleach an Choimisiúin Thoghchánaigh, Cathaoirleach an Choimisiúin Maoirseachta, agus Uachtarán Sheomra Caidrimh na Sóisear (SCS) ar an bhfóram.

Tá ról déach ag an bhfóram, maoirseacht a dhéanamh ar obair na nOifigeach Sabóideach lánaimseartha agus an tAontas a reáchtáil idir cruinnithe na Comhairle. Tugann na daoine a bhíonn i láthair tuairisc ar a gcuid oibre, stiúrann siad straitéis feachtais an aontais, dréachtaíonn siad rúin agus ábhar le plé ag Comhairle Aontas na Mac Léinn, agus cinntíonn siad go ndéantar bainistíocht chuí ar an aontas trí chéile.

COMHAIRLE AML

Is baill den Chomhairle iad siúd uile atá liostaithe thuas – m.sh. Ionadaithe Ranga, agus Oifigigh – agus tionólann an chomhairle sin seacht n-uaire in aghaidh na bliana. Is í príomhinstitiúid déanta na bpolasaithe, agus ritear thart ar 30 rún ar an meán in aghaidh na bliana, polasaithe a bhaineann le gach rud ó fhadhbanna leabharlainne go dtí cáilíocht an bhia sa bhialann ‘The Buttery', ó Aisgairm an t-ochtú leasú go dtí tithíocht do mhic léinn.

Le cois na rún polasaí, éisteann an Chomhairle le tuairiscí ó na hOifigigh Shabóideacha agus toghann siad mic léinn isteach ar choistí éagsúla, m.sh. an Coiste Leasa. Ag an gComhairle dheireanach sa bhliain, toghtar na hOifigigh Pháirtaimseartha don chéad bhliain acadúil eile.

Is iad Cathaoirleach an Choimisiúin Thoghchánaigh agus Cathaoirleach an Choimisiúin Maoirseachta a reáchtálann an Chomhairle. Chun eolas ginearálta a fháil faoi reáchtáil na Comhairle, níl ort ach teagmháil a dhéanamh le: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Tá na rúin a ritheann an Chomhairle bailí go dtí deireadh na bliana, agus go ceann dhá bhliain eile ina dhiaidh sin. Mar sin, i gcás na bliana acadúla 2022/23, tá gach polasaí a ritheadh ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 i bhfeidhm. Tá "Lámhleabhar reatha na bPolasaithe" ar fáil le léamh anseo. Fanann gach reifreann i bhfeidhm mura gcuirtear ar ceal é nó má athraíonn reifreann eile é.

Bord na nOifigeach Sabóideach

Ar an mBord Sabóideach AMLCT tá seachtar oifigeach lánaimseartha a dtugtar "sabbats/sabóidigh" orthu i mBéarla go neamhfhoirmiúil. Is iad na mic léinn a thoghann gach Earrach é. Táimid anseo ar do shon, mar sin níl ort ach teagmháil a dhéanamh linn sa chás go bhfuil rud ar bith ag dó na geirbe agat!

  • Déanann an tUachtarán maoirseacht ar airgeadas, ar bhainistíocht agus ar fheachtais an aontais.
  • Eagraíonn an tOifigeach Oideachais ionadaíocht an aontais ag leibhéal an Chúrsa/na Scoile/ na Dáimhe agus tacaíonn sé le mic léinn sa chás go bhfuil aon fhadhb acadúil acu.
  • Tá an tOifigeach Leasa agus Comhionannais freagrach as leas bhaill an Aontais (gach mac léinn i gColáiste na Tríonóide!) ar bhonn aonair agus trí ionadaíocht a dhéanamh do do chuid riachtanas i gcoistí an Choláiste amhail Bord na hOllscoile agus ar fhochoistí eile, m.sh. an suíomh gréasáin ‘Healthy Trinity'.
  • Déanann an tOifigeach Cumarsáide agus Margaíochta maoirseacht ar urraíocht tráchtála le haghaidh fheachtais agus sheirbhísí an aontais, chomh maith le bainistíocht a dhéanamh ar shuíomh gréasáin AMLCT, ar mheáin shóisialta AMLCT, ar ábhar priontáilte AMLCT agus ar straitéis chumarsáide AMLCT.
  • Tá an tOifigeach Siamsaíochta freagrach as a chinntiú go bhfuil bealach ag gach mac léinn i gColáiste na Tríonóide le bualadh le daoine tar éis na léachtaí. Is iomaí imeacht a eagraíonn cathaoirleach an Choiste Siamsaíochta idir oícheanta drabhláis, ghigeanna beo, thóraíocht taisce agus thaispeántais scannáin.
  • Cinntíonn Oifigeach na Gaeilge go ndéantar ionadaíocht ar son na Gaeilge laistigh d'Aontas na Mac Léinn, tacaíonn sé le hionadaíocht na teanga, agus déanann sé cinnte go leanann an tAontas de chomhlíonadh an pholasaí dhátheangaigh atá ag an Aontas.
  • Oibríonn Oifigeach na gCéimithe ar son mic léinn iarchéime ar chúrsaí taighde agus múinte sa Choláiste agus is féidir leis tacú leo le ceisteanna acadúla nó le ceisteanna a bhaineann le cúrsaí leasa a d'fhéadfadh teacht chun cinn le linn dóibh a bheith ag staidéar.
An chaoi a ndéanann AMLCT ionadaíocht duit agus tú in Éirinn

Dá éifeachtaí an stocaireacht a dhéantar ar an gcoláiste, níl ansin ach leath an scéil. Is é an rialtas a dhéanann cinneadh maidir leis an méid airgid a gheobhaidh ollscoil, nó maidir leis an méid tacaíochta a thabharfar do chatagóir mac léinn ar leith. Mar sin déanann Aontas na Mac Léinn ionadaíocht do leas ár mball chuig an rialtas agus don tsochaí trí chéile.

Ar bhonn náisiúnta, is baill d'Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) gach mac léinn de chuid Choláiste na Tríonóide. Tagaimid le chéile mar chuid d'eagraíocht náisiúnta amháin in éineacht le ceathrú milliún mac léinn atá tiomnaithe do leas na mac léinn a léiriú agus chun feachtais a reáchtáil ar tháillí, ar dheontais, ar chearta LADT+, tithíocht do mhic léinn agus tuilleadh. Tá tú i dteideal comhairle agus ionadaíochta faoin gcomhaontú AMLÉ-CSTGT sa chás go n-oibríonn tú go páirtaimseartha agus tú ag freastal ar choláiste.

Caitheann Uachtarán AMLCT vóta maidir le rúin ag Comhairle AMLÉ a mhúnlaíonn iarrachtaí stocaireachta náisiúnta, agus glacann Oifigigh Shabóideacha páirt i gcoistí éagsúla amhail Feachtais, coistí a phléann le cúrsaí Gaeilge, le hImeachtaí, le Margaíocht agus le cúrsaí Cumarsáide. Is féidir le mac léinn ar bith de chuid Choláiste na Tríonóide freastal ar Chomhairle AMLÉ nó a bheith san iomaíocht le haghaidh coistí ar leith, mar sin dá mba mhaith leat páirt a ghlacadh ann, déan teagmháil linn.

Ar ndóigh, ní féidir leis na hOifigigh AML é sin uile a dhéanamh leo féin – caithfidh tusa cuidiú linn ionas go mbeimid in ann cuidiú leatsa. Is minic nach mbíonn i gceist ach rudaí simplí amhail litreacha a scríobh chuig TDanna nó páirt a ghlacadh in agóid, ach fanann rud amháin mar a chéile i gcónaí – dá mhinice a ghlacann tú páirt sna rudaí seo, is amhlaidh is mó an difríocht a dhéanfaidh tú.

An Chaoi a nGlacfaidh Muidne Freagracht

Oibríonn na Coimisiúin AMLCT as lámha a chéile lena chinntiú go bhfuil na gníomhartha uile a dhéanann an t-aontas ar aon dul lenár mBunreacht agus le mandáidí na Comhairle. Is féidir le mac léinn ar bith de chuid Choláiste na Tríonóide ceist a chur le linn thuarascálacha an Oifigigh Shabóidigh nó ábhar le plé a chur isteach chuig an gComhairle. Tá tionchar díreach agat ar ár dtosaíochtaí trí vóta d'Ionadaí Ranga ag Comhthionól na Comhairle agus na Dáimhe.

An Coimisiún Toghchánach

Is é an Coimisiún Toghchánach a reáchtálann gach toghchán agus reifreann a thionólann Aontas na Mac Léinn ar mhaithe le soiléireacht agus trédhearcacht a chinntiú. Ní féidir le haon bhall den Choiste Gnó ról eile a bheith aige san Aontas, cé gurb é an duine céanna é Cathaoirleach an Choiste Gnó agus Cathaoirleach Chomhairle Aontas na Mac Léinn.

Ríomhphost Teagmhála: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

An Coimisiún Maoirseachta

Tá an Coimisiún Maoirseachta (CM) freagrach as polasaí an Aontais a bhainistiú agus a choinneáil i bhfeidhm. Is féidir le mac léinn ar bith sa Choláiste ceist a chur ar an CM faoi pholasaí reatha an Aontais agus cé acu ar chuir siad i bhfeidhm é nó nár chuir. Is ionann Cathaoirleach an CM freisin agus Rúnaí na Comhairle agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis chun rún nó ábhar le plé a chur isteach.

Ríomhphost Teagmhála: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.