Is í an Chomhairle (a thugtar Council uirthi uaireanta, is ionann iad) príomhfhoras cinnteoireachta an Aontais, áit a gcruinníonn mic léinn le ceisteanna a phlé, agus a gcaitear vótaí chun polasaí an Aontais faoi rud ar bith idir soicéid aibhléise i léachtlanna agus intéirneachtaí gan phá a shocrú.
Cé nach féidir ach le baill thofa vótaí a chaitheamh ag an gComhairle, cuirtear fáilte roimh gach mhac léinn freastal uirthi, cur leis an bplé, agus páirt a ghlacadh agus todhchaí naTríonóide á múnlú.
Is iad baill thofa na Comhairle ná na hIondaithe Ranga, na Tionólaithe Cúrsa, na Tionólaithe Dáimhe, na hOifigigh Pháirt-Aimseartha, agus na hOifigigh Shabóideacha.
Tá an Chomhairle á heagrú agus á reáchtáil ag an gCeann Comhairle agus Rúnaí na Comhairle, agus is féidir aon cheist faoin gComhairle a sheoladh chuig
Fochoistí na Comhairle
Tá roinnt Fhochoistí na Comhairle ann, a chuidíonn leis na hOifigigh Pháirt-Aimseartha agus Shabóideacha ina róil.
Is féidir le mac léinn ar bith seasamh le bheith ina bhall ar Fhochoiste na Comhairle, agus
toghcháin á reáchtáil ag an gCéad Chomhairle.
Má tá aon cheist agat, téigh i dteagmháil leis an gCeann Comhairle ag
Dátaí ⁊ Amanna na Comhairle
Maireann an Chomhairle ó 6:30 go 9:00, moltar do mhic léinn teacht go luath ionas go síneofar gach duine isteach agus go tosóidh an Chomhairle gan stró. Eagraítear deochanna agus píotsa dóibh siúd a fhreastalaíonn ar an gComhairle (ní hamháin do bhaill thofa) díreach tar éis don Chomhairle críochnú.
Téarma:
Comhairle 1 – 13 Deireadh Fómhair, Léachtlann Stanley Quek, Institiúid na nEolaíochtaí Bithleighis Choláiste na Tríonóide (TBSI)
Comhairle 2 – 3 Samhain, Léachtlann Stanley Quek, TBSI
Comhairle 3 – 24 Samhain, Léachtlann Stanley Quek, TBSI
Comhairle 4 – 26 Eanáir, Léachtlann Stanley Quek, TBSI
Comhairle 5/Toghchánaíocht – 16 Feabhra, Léachtlann Stanley Quek, TBSI
Comhairle 6 – 9 Márta, Léachtlann Stanley Quek, TBSI
Comhairle Deireanach – 30 Márta, Léachtlann Stanley Quek, TBSI


