Intel® Iris® Xe Graphics Capable with Thunderbolt for I5-1145G7 vPro® processor
16 GB, 1 x 16 GB, DDR4, 3200 MHz
512 GB, M.2, PCIe NVMe, SSD, Class 35
14.0-in. display (1920X1080)
Scéim Iasachta Ríomhairí Glúine
Cuireann an scéim seo ar chumas na mac léinn ríomhaire glúine a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse coicíse ar a mhéad, agus tá na sonraí leagtha amach thíos. Tá gach ríomhaire glúine cumraithe ar aon dul le sonraíochtaí an choláiste.
Is féidir le mac léinn ar bith iarratas a dhéanamh ar iasacht ríomhaire glúine ar an Deasc (Ríomhaireachta) Refresh in Oifig Aontas na Mac Léinn, Teacht 6. Ní mór do na mic léinn an fhoirm Google atá nasctha thíos a chomhlánú ina ndeimhnítear na sonraí uile a theastaíonn chun ríomhaire glúine a fháil faoin scéim lena n-áirítear foirm mandáide Dochair Dhírigh sínithe chomhlánaithe a thabhairt ina dtugtar cead dlíthiúil d'Aontas na Mac Léinn chun táille a ghearradh ar aon mhac léinn atá mall ag tabhairt an ríomhaire glúine ar ais nó nach dtugann an ríomhaire glúine ar ais ar chor ar bith.
Ní mór do na mic léinn Mandáid Dochair Dhírigh a phriontáil amach. Tá foráil ann freisin maidir le maolú sa chás nach mbeidh mac léinn in ann an ríomhaire glúine a thabhairt ar ais in am.
Ní mór do na mic léinn a ríomhaire glúine a bhailiú laistigh de 24 uair an chloig nuair a chuirtear an ríomhphost deimhnithe chucu, agus ba cheart dóibh a ndramhphost nó bruscar a sheiceáil lena chinntiú nár tháinig sé isteach i ngan fhios dóibh.