Cáblaí agus Cuibheoirí
Cáblaí Físeáin: HDMI go HDMI, HDMI go VGA, DisplayPort go DisplayPort, DisplayPort go HDMI, VGA go VGA.
Sonraí agus Cáblaí Luchtaithe: USB go USB Type-C, USB Type-C go USB Type-C, USB Type-C go Lightning, USB go Lightning.

Stóras
Is réiteach iontach é seo chun cóip chúltaca a dhéanamh de do chuid comhad, pictiúr, físeán, srl.
Méaróga USB
Tiomántáin SSD agus HDD do do ríomhaire
SD/Micro SD do do cheamara agus gléasanna cliste


Deisiú Ríomhaireachta
Cuireann Refresh seirbhís deisiúcháin ríomhaire ar fáil lena gcuimsítear gach rud idir scáileáin nua a chur isteach agus víris agus bogearraí mailíseacha a bhaint. Is féidir linn scáileáin a ordú isteach agus scáileáin bhriste a bhaint amach agus cinn nua a chur isteach, agus an rud céanna a dhéanamh le méarchláir, le cadhnraí fabhtacha agus le tiomántáin.
|
|

Deisiú Fón
Cuirimid réimse leathan seirbhísí deisithe fón ar fáil.
|
|

Scriosadh Tiomántán Crua go Slán agus go Rúnda, Tiomántán Staide Soladaí agus Meáin Eile Stórála Sonraí
Scriosfaidh Refresh Tiomántáin Chrua ar campas duit agus is féidir leo gléasanna stórála sonraí a léirscrios.
Cuimsítear leo seo Tiomántáin Diosca Chrua (HDD), Tiomántáin Staide Soladaí (SSD), Tiomántáin USB, Dioscaí CD/DVD, Dioscaí ZIP, Dioscaí Flapacha, srl...
- Scrios fisiciúil – stialltar an tiomántán crua go fisiciúil sa chaoi is nach féidir na sonraí a fháil ar ais ar chor ar bith.
- Scriosadh digiteach nó glanadh – forscríobhtar sonraí atá ann cheana le carachtair uathúla, ionas nach féidir iad a athscríobh nuair a úsáidtear an modh seo.
Deisímid ríomhairí go Sásta!


