Drugaí agus Alcól
Déantar go leor rudaí den chéad uair agus duine ag freastal ar choláiste, d'fhéadfadh sé go mbeadh drugaí agus alcól ina measc. Tá CTBÁC tiomanta do chur chuige Laghdaithe Dochair, ina leagtar béim ar theagmháil dhíreach a dhéanamh le mic léinn a úsáideann drugaí chun ródháileog agus chun scaipeadh galair a chosc agus chun smacht ar a gcás féin a thabhairt do mhic léinn ach iad a chur ar an eolas.
Seirbhísí Tacaíochta
- Sa chás go mbeadh drochbhail ort féin nó ar aon chara leat de bharr drugaí a úsáid, ba cheart duit glaoch ar an uimhir 999 ar an bpointe boise. Is féidir leat seirbhísí cúraim sláinte a fháil gan ionchúiseamh coiriúil.
- Reáchtálann an FSS seirbhís rúnda mar Líne Chabhrach saor in aisce (1800 459 459) agus mar sheirbhís tacaíochta ríomhphoist - más rud é go bhfuil tú ag streachailt le spleáchas ar substaintí. Bíonn an líne chabhrach ar fáil Luan go hAoine ón 09:30 go dtí an 17:30.
- Is féidir leat coinne a chur in áirithe mar mhac léinn faoi cheiseanna fút féin ag úsáid drugaí nó alcóil ag Ionad Sláinte Choláiste na Tríonóide. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh gréasáin www.tcd.ie/collegehealth. Is féidir leat coinne a chur in áirithe ach glaoch a chur ar 01 896 1591 nó ar 01 896 1556.
- Is tacaíocht saor in aisce é Alcoholics Anonymous, sa chás go bhfuil tú ag teacht chugat féin tar éis duit a bheith tugtha d'alcól. Is é 01 842 0700 an uimhir theileafóin atá acu agus is féidir ríomhphost a chur chucu ag - -
- Is eagraíocht pobal-bhunaithe é Narcotics Anonymous d'andúiligh atá ag éirí as, is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag: 01 672 8000.
Eolas faoi Dhrugaí
Laghdú Dochair
Bíonn sé i gcónaí níos sábháilte gan substaintí a thógáil!
Más leat substaintí a thógáil, ná meascaigh iad!
Ródháileog
- An chuma a bhíonn ar ródháileog: Cailliúint mothaithe, taom, cúr ag teacht amach as an mbéal, cur amach, pian chliabhraigh, deacrachtaí anáil a tharraingt, craiceann bánaithe
- Cad is ceart a dhéanamh: Cuardaigh cúnamh leighis ar an bpointe boise agus cuir an duine i luí téarnaimh. Bain aon rud atá i bhfoisceacht don duine a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh dó. Faigh amach an bhfuil an duine ag análú agus, más amhlaidh nach bhfuil an duine ag análú, úsáid an t-uath-dhífhibrileoir seachtrach agus déan ACS.
LSD
- Dáileogacht: Is é 100-200 micreagram an ghnáthdháileog le haghaidh LSD
- Meascadh: Ná measc LSD le halcól (ná le dúlagráin eile amhail beinsidhé-asaipín), ná le spreagach ar bith eile de bharr go bhféadfadh a leithéid cur le héifeacht LSD agus d’fhéadfadh paranóia teacht ar dhuine mar gheall air.
- Caighdeán na nDrugaí: Is deacair láidreacht LSD a mheas, go fiú le fearas tástála. D'fhéadfadh sé go mbeadh substaintí eile in LSD a thiocfaidh aníos sna tástálacha, mar sin coinnigh na dáileoga íseal!
- Éifeachtaí: D'fhéadfadh sé go mbeadh paranóia ar an té a thógfadh LSD má thógann sé é agus é in ísle brí nó faoi imní nó nuair atá sé neirbhíseach.
- Laghdú Dochair: Maireann truipeanna LSD ar feadh i bhfad agus uaireanta bíonn moill ann sula dtéann sé i bhfeidhm i gceart. Mar sin ná tóg an athuair é. Ná húsáid é ach nuair atá daoine a bhfuil muinín agat iontu thart ort agus nuair atá tú i dtimpeallacht shábháilte chun drochthruip a sheachaint. Ná húsáid LSD más rud é go bhfuil tú ag aireachtáil brónach, neirbhíseach, imníoch nó in ísle brí de bharr go bhféadfadh na mothúcháin chéanna dul chun donachta nuair a thosaíonn an LSD ag oibriú. Díoltar substaintí a bhfuil dochar iontu nach LSD iad in amanna ach go dtugtar LSD orthu lena ndíol. Cuimhnigh ar an bhfrása "má tá sé géar, tá sé le caitheamh in aer". Níl blas ar bith ar LSD. Mar sin má bhlaiseann tú aon cheo géar nó má tá blas ceimiceáin air, seans maith nach LSD atá ann
Cócaon
- Dáileogacht: Tosaigh amach le dáileog bheag lena thriail agus fan dhá uair an chloig ar a laghad sula dtógfaidh tú aon cheo eile.
- Meascadh: Ná measc LSD le substaintí eile mar bíonn na rioscaí i bhfad níos mó dá bharr. Ná measc le halcól mar nuair a thagann an dá shubstaint seo le chéile, déantar substaint nua díobh a d'fhéadfadh imní nó fearg a chur ort
- Éifeachtaí: Is spreagthach é cócaon a chuireann faoi deara do na daoine a úsáideann é a bheith ina lándúiseacht, méadaíonn sé an ráta croí agus teocht na colainne chomh maith le paranóia, iompar dothuartha, imní agus bíonn béal tirim ag daoine a thógann sé freisin
- Laghdú Dochair: Gearr cócaon go mion, babhtáil na polláirí agus glan amach do shrón chun an dochar a dhéantar do na polláirí agus don seipteam a laghdú. Úsáid tobán lena smúradh (b'fhearr gan airgead a úsáid) chun scaipeadh na víreas fola a chosc.
MDMA/Eacstais
- Dáileogacht: D'fhéadfadh sé go dtógfadh sé roinnt ama le go n-oibreoidh MDMA, mar sin bíonn sé i gcónaí níos sábháilte tosú le ceathrú de dháileog, agus ceathrú eile a thógáil tar éis 60 nóiméad. Fan dhá uair an chloig idir méideanna níos mó. Is é 125mg nó níos lú an méid is sábháilte, agus 60mg a thógáil le cur leis sin
- Meascadh: Ná measc MDMA le substaintí eile, go mór mór alcól, cócaon agus dúlagráin
- Éifeachtaí: D'fhéadfadh MDMA teannas a chur i do ghiall, do cholainn a théamh an-iomarca, imní a chur ort, allas mór a chur ort, agus d'fhéadfadh sé cur as do do chothromaíocht freisin.
- Laghdú Dochair: D'fhéadfadh MDMA mearbhall a chur ar theocht do cholainne mar sin bí cinnte do dhóthain uisce a ól ach 250-500ml a ól in aghaidh na huaire. Lig do scíth tar éis seal a chaitheamh ag damhsa le do cholainn a fhuarú.
Céataimín
- Dáileogacht: Bíonn dáileog éadrom idir 15-30mg ach is minic a bhíonn na dáileoga idir 30-75mg. Smúrtar go hiondúil é ach tógtar é mar instealladh uaireanta freisin. Seachain dáileoga atá gar do 150mg nó níos mó ná sin mar tá an baol ann go rachaidh tú isteach i bpoll Céataimín ("K-hole"), riocht ina mbeidh tú neamhfhreagrúil do spreagthaí agus an seans ann go dtiocfaidh siabhráin ort.
- Meascadh: Seachain dúlagráin amhail alcól ó tharla go neartaíonn siad na héifeachtaí
- Éifeachtaí: Eofóiria, bodhaire, masmas, mearbhall, siabhránacht,
- Laghdú Dochair: Ná húsáid Céataimín ach i dtimpeallacht shábháilte, mar má théann duine i bpoll Céataimín in áit nach bhfuil sábháilte, d'fhéadfadh sé sin a bheith scanrúil agus contúirteach. Ól do dhóthain uisce lena linn le go laghdófar an dochar a dhéantar do do lamhnán, má thugann tú faoi deara go gcaithfidh tú do mhún a dhéanamh níos minice, go dtagann crampa ar do bholg, nó má bhíonn fuil le feiceáil i do chuid fuail, éirigh as céataimín a úsáid ó tharla gur comharthaí iad sin go bhfuil dochar á dhéanamh do do lamhnán. Seans go mbeidh cóir leighis ag teastáil.
Alcól
- Dáileogacht: Braitheann sé ar an éifeacht atá tú a iarraidh i do cholainn. Níor cheart duit níos mó ná 14 aonad a chaitheamh sa tseachtain ar bhonn rialta
- Meascadh: Ná hól alcól le drugaí eile toisc go mbíonn sé Ná hól alcól le drugaí eile toisc go mbíonn sé contúirteach nó a mheasctar iad nó a mheasctar iad
- Éifeachtaí: Scíth, luaineacht mhothúchánach, taghd, mungailt cainte, cailliúint cuimhne
- Laghdú Dochair: Ith béile mhór sula dtosóidh tú ag ól agus ól do dhóthain uisce le linn duit a bheith ag ól chun an riosca a laghdú go mbeidh drochthinneas óil ort ina dhiaidh. Ná téigh ag ól leat féin agus bíodh plean agat chun dul abhaile go sábháilte. Cuirfidh alcól leis an seans go ndéanfaidh tú rudaí contúirteacha. Ná hól faoi thionchar an óil choíche.
Cearrbhachas
Bíonn cearrbhachas ina fhadhb i do shaol nuair a thosaíonn sé ag cur as do do chuid oibre, do chuid scolaíochta nó do ghníomhaíochtaí eile, déanann sé dochar do do mheabhairshláinte nó do do shláinte trí chéile, cuireann sé brú airgid ort, nó bíonn sé ina ábhar aighnis le do chuid cairde agus le do mhuintir.
Más duine thú a bhíonn ag streachailt le hiompraíocht andúile, cuireann an tSeirbhís Comhairleoireachta do Mhic Léinn an grúpa tacaíochta do Dhaoine atá Tugtha d’Iompraíocht Andúile. Tacaíochtaí eile:
Extern Problem Gambling
Cosc dochair agus tacaíocht
www.problemgambling.ie
089 241 5401
Gamblers Anonymous
Tacaíocht (saor in aisce) chun teacht chugat féin ó Chearrbhachas
www.gamblersanonymous.ie
01 872 1133
Trans Harm Reduction
I gcomhpháirtíocht le Trans Harm Reduction, cuireann an Oifig Folláine ábhair insteallta steiriúla ar fáil ina bhfuil snáthaidí tarraingthe éagsúla do mhic léinn atá ag déanamh a gcuid Teiripe Athsholáthair Hormón (TAH) féin. Déan teagmháil leis an Oifigeach Leasa chun iad a fháil.


