Skip to main content

Chuig: An Rialtas

Táirgí Fola Míosta Saor in aisce i ngach Institiúid Ardoideachais

Táimid ag iarraidh ar an rialtas aghaidh a thabhairt ar éagothroime shocheacnamaíoch agus ar éagothroime inscne ar ár gcampais ach rochtain ar tháirgí fola míosta a chur ar fáil do na mic léinn agus do na baill foirne a dteastaíonn siad uathu.

Cén fáth a bhfuil siad tábhachtach?

Cé is moite de roinnt bheag institiúidí in Éirinn, ní chuireann formhór na n-institiúidí táirgí fola míosta ar fáil saor in aisce, cé gur iarr ár bpobail champais a leithéid orthu go minic roimhe seo. Tá an-éileamh ar na tionscnaimh chéanna, ó na mic léinn agus ó na baill foirne. Caithfear an tionscnamh a chuíchóiriú agus caithfear tacaíocht a chur ar fáil lena aghaidh ar leibhéal an rialtais. Trí aghaidh a thabhairt ar dhínit fola míosta go díreach, beidh muid in ann aghaidh a thabhairt ar stiogma agus ar náire a bhaineann le fuil míosa do mhic léinn agus do bhaill foirne, rud a fhágfaidh go mbeidh na campais níos ionchuimsithí do bhaill ár bpobail acadúil ó gach cúlra. Tá tionchar ag míostrú ar cháilíocht na foghlama agus an teagaisc- agus níor mhaith linn go mbeidh aon duine fágtha ar an trá fholamh de bharr nach raibh na táirgí cearta acu ag an am ceart. Má chuirtear rochtain ar tháirgí fola míosta ar fáil saor in aisce (go háirithe tráth a bhfuil na géarchéimeanna tithíochta agus costais maireachtála ag dul chun donachta), is féidir linn a chinntiú go dtacaítear leo siúd ó theaghlaigh nach bhfuil go maith as fad atá siad ag fáil scolaíochta.

Bhain an rialtas triail as táirgí fola míosta a chur ar fáil saor in aisce i mboird oideachais áirithe ach níor leathnaíodh an tionscnamh seo go dtí na hinstitiúidí ardoideachais uile go fóill. Chualamar go bhfuil plean ann an leathnú sin a dhéanamh. Tá na mic léinn agus na baill foirne ag iarraidh ar an rialtas dlús a chur leis an bpróiseas seo agus chun maoiniú a chur ar fáil chun táirgí fola míosta a chur ar fail i seomraí folctha i ngach institiúid ardleibhéil sa tír.

Sínigh an achainí