Eolas faoi na Scrúduithe
Beidh trí sheisiúin scrúdúcháin ar siúl le linn na bliana acadúla seo i gColáiste na Tríonóide. Seo a leanas iad:
- Scrúduithe Athmheasúnaithe – ón 24 Lúnasa go dtí an 28 Lúnasa.
- Scrúduithe na féile Michíl (Scrúduithe Geimhridh) – ón 14 Nollaig go dtí an 22 Nollaig.
- Scrúduithe na féile Bríde (Scrúduithe Samhraidh) – ón 19 Aibreán go dtí an 30 Aibreán.
Is iad na scrúduithe thuas na príomhsheisiúin mheasúnachta i gcás bhunáite na mac léinn, ní hionann na cláir ama atá ag roinnt cúrsaí, go mór mór sna hEolaíochtaí Sláinte. Moltar duit a bheith cinnte faoi do sheisiún scrúdúcháin ach é sin a sheiceáil le do Scoil féin. Beidh scrúduithe Scoláireachta Fondúireachta (Schols) ar siúl an tseachtain dar tús an 4 Eanáir, is scrúduithe roghnacha iad do mhic léinn atá sa dara Bliain.
Clárlann Acadúil:
Tá an Chlárlann Acadúil freagrach as scrúduithe CTBÁC a reáchtáil. Tá an t-eolas tábhachtach a bhaineann leis curtha ar fáil acu anseo: https://www.tcd.ie/academicregistry/exams/
Cinntigh gur léigh tú a bhfuil ann d'eolas tríd an nasc sin sa chás nach bhfuil tú cinnte faoi aon cheann de na rudaí seo a leanas:
- An chaoi le clár ama do scrúduithe a fháil ar an tairseach ar my.tcd.ie;
- An chaoi le do scrúdú agus le huimhir do shuíocháin a fháil ar an tairseach ar my.tcd.ie;
- An chaoi le scrúdpháipéir ó bhlianta roimhe seo a fháil:
- An chaoi leis an ionad ar an gcampas a mbeidh do scrúdú ar siúl ann a fháil, srl.
Má tá aon cheist agat faoi reáchtáil na scrúduithe ar an lá, beidh Deasc Chabhrach de chuid na Clárlainne Acadúla i bpríomhphlás Áras na nEalaíon, nó san Fhoirgneamh AR san Fhoirgneamh Watts/Hamilton.
Sa chás go mbeidh do scrúdú ar siúl ar líne, is í do Scoil/Roinn an príomhphointe teagmhála. Má tá ceist ghinearálta agat, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gClárlann ach:
- Bualadh isteach chuig an Deasc Sheirbhíse san Fhoirgneamh AR Watts ó Luan go hAoine gan aon choinne a dhéanamh: 9am - 5pm, agus;
- Is féidir glaoch orthu ar ghuthán ar: (+353) 01 896 4500 ó Luan go hAoine: 9am - 5pm.
- Más maith leat ceist a chur isteach ar líne, cliceáil anseo: ASK.TCD.IE
- Cuirtear ceisteanna faoi scrúduithe ar:
Tabhair Aire Duit Féin:
Bíonn an-strus ag baint le scrúduithe in amanna. Níl aon rud níos tábhachtaí ná do chuid folláine i láthair na huaire.
- Más duine thú a bhíonn neirbhíseach faoi na scrúduithe, bíodh cleachtaí réitithe agat a chuirfidh ar do shuaimhneas thú – tarraing anáil isteach agus scaoil léi nó lig do scíth ar feadh cúpla nóiméad le linn an scrúdaithe.
- B'fhearr go mór fada oíche mhaith chodlata seachas an oíche roimh an scrúdú a chaitheamh ag staidéar ar do mhine ghéire.
- Cuimhnigh ar an riail 20-20-20 más ag plé le scáileáin atá tú le linn duit a bheith ag staidéar don scrúdú. Tar éis gach 20 nóiméad a chaitheann tú ag breathnú ar scáileán, breathnaigh ar rud atá 20 slat amach uait ar feadh 20 soicind. Cuidíonn an riail seo le stró ar do shúile agus tinneas cinn a bhac.
- Caith am i gcomhluadar do chairde agus do mhuintire! Tá do chairde sa rang leat ag déanamh na scrúduithe céanna, is féidir libh tacaíocht a iarraidh ar a chéile.
- Tabhair aitheantas duit féin as do chuid oibre ach, ag an am céanna, mura n-éiríonn go maith leat, ná tóg ort féin é. Ní rud beag é aghaidh a thabhairt ar scrúduithe, níl saoi gan locht!
Céard a dhéanfaidh mé sa chás go bhfuil mé tinn ar lá an scrúdaithe?
- Ná déan do scrúdú mura bhfuil tú in ann chuige ó thaobh sláinte de!
- Roimh an Scrúdú:
- Sa chás nach bhfuil tú in ann do scrúdú a dhéanamh de bharr tinnis, téigh i gcomhairle le do dhochtúir agus iarr teastas dochtúra air don tréimhse lena mbaineann an tinneas. Ní mór dáta faighte a bheith ar gach teastas dochtúra chomh maith leis an dáta ar ar thosaigh an tinneas, an fad ama a raibh tú fágtha ar éagumas, agus ráiteas soiléir nach bhfuil tú in ann scrúduithe a dhéanamh. Ní mór duit an teastas a thabhairt do do theagascóir - roimh thús an scrúdaithe/na scrúduithe ábhartha más féidir, ach is féidir an teastas a thabhairt do do theagascóir fós laistigh de 72 uair an chloig ina dhiaidh/ina ndiaidh.
- Bíodh a fhios agat nach nglactar le teastais dochtúra mar mhíniú ná mar leithscéal le tabhairt de bharr nár éirigh go maith leat i scrúdú. Ní bheidh tú in ann imthosca maolaitheacha a mhaíomh tar éis duit tasc a chur isteach lena mheas. De réir Rialacháin an Choláiste, ní féidir le mac léinn obair a cuireadh isteach a tharraingt siar.
- Le linn an Scrúdaithe:
- Sa chás go bhfuil tú ag aireachtáil tinn agus tú i mbun scrúdaithe, ná cuir isteach do chuid oibre mar measfar go bhfuil an obair críochnaithe sa chás gur cuireadh isteach é. Cuir do lámh in airde agus cuir an feitheoir ar an eolas faoi. Ná héirigh gan cead a fháil ón bhfeitheoir.
- Déan amhlaidh, agus ansin déan teagmháil leis an duine idirchaidrimh i do scoil, le ceann do mhodúil agus/nó le do theagascóir chun iad a chur ar an eolas faoi do thinneas agus déan teagmháil le hIonad Sláinte na Tríonóide.
- Má tá tú ag déanamh scrúdú atá le tabhairt abhaile a mhaireann 48 uair an chloig, ná dearmad do chuid oibre a shábháil i gcaitheamh an ama agus an obair a nuashonrú.
Céard dhéanfaidh mé má chaillim scrúdú?
- Déan teagmháil le do theagascóir ar an bpointe boise. Sa chás go bhfuil do theagascóir ar saoire, déan teagmháil le hoifig an Teagascóra Shinsearaigh
Céard dhéanfaidh mé má theipeann orm i scrúdú?
Ní hé deireadh an tsaoil é má theipeann ort i scrúdú! Seol ríomhphost chuig do theagascóir nó chuig an Oifigeach Oideachais sa chás go bhfuil tú in amhras faoi na chéad chéimeanna eile.
Cúiteamh
Sa chás go raibh do mheánmharc go maith ach gur theip ort i bpáipéar nó dhó agus F1 faighte agat, b'fhéidir go mbeifeá in ann cúiteamh a fháil agus dul ar aghaidh chuig an gcéad bhliain mar a bheadh pas faighte agat. Is féidir cúiteamh a fháil i ngach modúl agus i ngach cuid de na modúil (seachas i gcás roinnt cláir ghairmiúla nach mbaineann cúiteamh le hábhar iontu). Bíonn éagsúlacht ag baint le rialacha cúitimh ag brath ar an scoil, mar sin cinntigh go bhfuil na rialacha sin feicthe agat.
Scrúduithe Athmheasúnaithe:
Seans go mbeidh ort scrúduithe a dhéanamh an athuair (saor in aisce) ag deireadh an tsamhraidh sa chás gur theip ort agus nach féidir pas a fháil scrúdú trí chúiteamh a fháil.
Achomhairc:
Má cheapann tú nach bhfuair tú an toradh ceart nó go ndearnadh botún agus do mharcanna á ríomh, is féidir iarratas a dhéanamh le go ndéanfar athbhreithniú orthu. D'fhéadfá a bheith i dteideal achomhairc freisin. Is iondúil go mbíonn achomharc i gceist i gcás imthosca maolaitheacha amháin agus ba cheart gníomhú go pras faoi. Chun tuilleadh eolais a fháil, cuir ríomhphost chuig d'Oifigeach Oideachais ag:
Bliain a Dhéanamh an Athuair:
Sa chás nach féidir leat achomharc a dhéanamh, uaireanta ní bhíonn an dara rogha agat ach an bhliain a dhéanamh an athuair. Ní bheith tú incháilithe don Tionscnamh Táillí in Aisce má chaitheann tú an bhliain a dhéanamh arís, ach amháin i gcás imthosca ar leith.
Scrúduithe le linn Saoire ón gColáiste:
Bíonn táille scrúdaithe €382 i gceist chun scrúduithe/socrúcháin/measúnaithe a dhéanamh nuair nach bhfuil an mac léinn cláraithe. Sa chás gur theip ar mhac léinn ag deireadh na bliana acadúla, seans gur féidir leis cur isteach ar Scrúduithe le linn Saoire ón gColáiste trí Mheasúnú a dhéanamh an athuair. Teastaíonn cead ar leith sa chás seo agus is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo:
Iarr Cúnamh!
- Do Theagascóir: faigh sonraí do theagascóra ar my.tcd.ie faoi "Records";
- Seirbhís Comhairleoireachta do Mhic Léinn:
- Oifigeach Leasa agus Comhionannais AMLCT, Lorenzo Cheasty:
- Oifigeach Oideachais TCDSU, Eve Martin:
- Comhordaitheoir an Chúrsa: Déan teagmháil le comhordaitheoir do chúrsa má bhíonn ceist phráinneach agat, mura bhfuil tú in ann teagmháil a dhéanamh le do theagascóir coláiste. Is féidir eolas a fháil faoi Chinn Roinne ar shuíomhanna gréasáin na Scoileanna éagsúla.
Iarchur:
- Sa chás go bhfuil tú tinn, ná déan do scrúdú mura bhfuil tú in ann chuige.
- Déan teagmháil le do theagascóir ar an bpointe boise má theastaíonn iarchur, síneadh ama, nó tacaíocht le d'obair acadúil de bharr tinnis, báis nó de bharr rud ar bith eile nach bhfuil aon neart orthu (má theipeann ar an nasc idirlín srl.). Faigh sonraí do theagascóra ar my.tcd.ie faoi "Records".
- Sa chás nach bhfaigheann tú freagra ó do theagascóir, déan teagmháil le hoifig an Teagascóra Shinsearaigh ag:
- Má dhéanann tú scrúdú a iarchur, cuirfear siar é go dtí an seisiún athmheasúnaithe i dtreo dheireadh mhí Lúnasa. Níl a leithéid de rud ann agus ceart uathfheidhmeach ar iarchur agus déantar aon chinneadh ina leith ag brath ar an gcás.
Síneadh Ama:
- Sa chás go bhfuil tú trína chéile mar gheall ar an ualach oibre nó mura bhfuil tú in ann do mheasúnú/do mheasúnuithe a chríochnú taobh istigh den am a sannadh duit, déan teagmháil linn agus le do theagascóir.
- Oibrigh i gcomhar le do chuid cairde sa rang leat, mar seans go bhfuil roinnt agaibh sa chás céanna. Bíonn na léachtóirí an-tuisceanach, agus ba cheart dóibh a bheith, faoin mbrú atá ar gach duine faoi láthair agus ba cheart dóibh a bheith trócaireach ina thaobh sin.


