Leideanna Staidéir
Ar an gcoláiste bíonn an deis agus an t-am agat chun ábhair a fhiosrú a bhfuil spéis mhór agat féin iontu! Moltar duit taighde agus anailís neamhspleách a dhéanamh an t-am ar fad atá tú i mbun do chéime. Cé go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil sé sin beagáinín iomarcach i dtosach, ní gá duit imní a bheith ort faoi – is iomaí cineál tacaíochta atá ann le cuidiú leat.
Leideanna Tábhachtacha:
- Ná bíodh aon imní ort labhairt le do chuid léachtóirí mura dtuigeann tú rud éigin. Má tá imní ort ceisteanna a chur le linn ranga, téigh chun cainte leis an léachtóirí ina dhiaidh nó cuir ríomhphost chuige!
- Déan amach straitéis a fheileann duit féin chun dul siar ar ábhar an ranga – b'fhéidir go ndéanfá scrúdpháipéir, nó go dtarraingeofá meabhairmhapaí, nó go labhrófá le cairde leat i do rang – déan pé rud a oireann duit féin.
- Ná fág an obair uile go dtí an nóiméad deiridh! Ar ndóigh, ní gá duit a bheith gróigthe i gcathaoir sa leabharlann i gcaitheamh an lae agus tú ar an gcoláiste, ach cinntigh nach dtiteann tú siar leis na measúnuithe agus leis na nótaí ó na léachtaí sa chaoi is go mbeidh tú réitithe faoin am a bheidh tú ag déanamh na scrúduithe.
- Cinntigh go dtógann tú sosanna ó bheith ag staidéar, agus bíodh am saor agat féin le do scíth a ligean.
- Is furasta ligean d'obair an chúrsa an ceann is fearr a fháil ort, agus dearmad a dhéanamh aire a thabhairt duit féin. Faigh oíche mhaith chodlata nuair is féidir agus déan iarracht beatha shláintiúil a ithe!
- Bain sásamh as an saol! Bí ag casadh le do chuid cairde agus le do mhuintir. Is ionann an cás ag do chuid cairde sa rang leat, mar sin faighigí tacaíocht óna chéile.
Foghlaim agus Forbairt na Mac Léinn
Tacaíonn Foghlaim agus Forbairt na Mac Léinn (SLD) le mic léinn na Tríonóide ach réimse seirbhísí a chur ar fáil dóibh, amhail coinní don mhic léinn, ceardlanna ina bhfoghlaimítear scileanna acadúla agus foghlama, An tIonad um Scríbhneoireacht Acadúil, agus modúl Blackboard a gcláraíonn an mac léinn é féin ann (féach thíos).
Dearadh na hacmhainní seo chun cuidiú leat do chuid scileanna a fhorbairt i réimsí amhail scríobh aistí agus cineálacha eile scríbhneoireachta acadúla, agus eagrúchán agus bainistiú ama, moilleadóireacht agus scileanna le d'aird a choinneáil ar ábhar agus le hábhar a chur i láthair, tionscadail bliana deiridh, pleanáil tráchtais, léirmheasanna litríochta a bhainistiú agus a scríobh, scileanna le haghaidh scrúduithe agus measúnuithe agus scileanna eile nach iad. Faigheann gach mac léinn ríomhphost gach seachtain ina bhfuil eolas faoi na ceardlanna atá le teacht agus faoi sheirbhísí eile, mar sin coinnigh súil ar an mbosca isteach!
Tá eolas le haghaidh gach seirbhíse SLD ar fáil anseo: https://www.tcd.ie/sld/
Na Ceithre Leid is tábhachtaí maidir le SLD:
- Cláraigh thú féin ar Ár Modúl Blackboard
- Gheobhaidh tú réimse leathan comhad fuaime agus físe, doiciméid is féidir a íoslódáil chomh maith le suíomhanna gréasáin idirghníomhacha agus naisc úsáideacha faoi thopaicí amhail Scríobh Aistí, Smaointeoireacht Chriticiúil, Scríobh Tráchtais, Scileanna le haghaidh Scrúduithe, Measúnú Litríochta agus tuilleadh nach iad. https://www.tcd.ie/sld/learning-resources/
- Freastail ar Cheardlanna Saor in Aisce i bPearsa agus ar Líne
- Cuir Comhairliúchán do Dhuine Aonair in Áirithe
- Cuireann SLD coinní scileanna ginearálta acadúla ar fáil do gach mac léinn. Cuir áit in áirithe anseo: https://www.tcd.ie/sld/services/individual-services/1-to-1-appointments/
- Cuir coinne in áirithe san Ionad Scríbhneoireachta Acadúil
- Cuireann SLD coinní scileanna ginearálta acadúla ar fáil do gach mac léinn. Cuir áit in áirithe anseo: https://www.tcd.ie/sld/services/academic-writing-centre/
Seirbhís Teagascóra na Tríonóide:
Faigheann gach mac léinn teagascóir nuair a thosaíonn sé ag staidéar anseo i gColáiste na Tríonóide. Is é do theagascóir do phríomhionadaí acadúil sa Choláiste, agus is é an ról atá aige, chun cuidiú leat do bhealach a dhéanamh anseo i gColáiste na Tríonóide. Má bhíonn ceist ar bith agat faoi chúrsaí acadúla, is féidir ceist a chur ar do theagascóir faoi.
Is féidir sonraí do theagascóra a fháil faoi My Student Record ar an suíomh gréasáin my.tcd.ie nó ar an aip Trinity Live.
Ní gnách go mbíonn teagascóir ag mic léinn iarchéime ach is féidir leis na mic léinn iarchéime teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Chomhairleach Iarchéime chun tacaíocht a fháil. https://www.tcd.ie/seniortutor/postgraduate-students/
Tá tuilleadh tacaíochta foghlama ar fáil ó:
- Seomra Cabhrach Matamaitice - https://www.maths.tcd.ie/outreach/helproom
- Tacaíocht do Dhaoine nach é an Béarla a dTeanga Dhúchais: https://www.tcd.ie/slscs/english
- Seirbhís do Dhaoine faoi Mhíchumas - https://www.tcd.ie/disability/
- An Leabharlann – https://www.tcd.ie/library/
- Cláir Rochtana na Tríonóide – https://www.tcd.ie/trinityaccess/
- Ionad Ríomhchlárúcháin Fochéime – https://teaching.scss.tcd.ie/general-information/ugpc/
- Acmhainní Macántachta Acadúla - https://libguides.tcd.ie/academic-integrity


