Skip to main content

Amy Kennedy
An tUachtarán

An tUachtarán

Amy Kennedy

Dia daoibh! Is mise Amy agus is mise Uachtarán TCDSU/AMLCT do 2026/2027. Is mac léinn Béarla arb as Contae Chill Mhantáin ó dhúchas mé.

Mar Uachtarán, is é mo phost ná feachtais a stiúradh ar fud ár n-aontais agus obair ar son ollscoile níos fearr dár mic léinn ar fad. Oibrím leis na hoifigigh pháirt-aimseartha agus shabóideacha eile go léir, agus le mac léinn ar bith ar mian leis páirt a ghlacadh. Ba thréimhse ghníomhach le cúpla bliain anuas d’AMLCT í, le buanna ar cuireadh fáilte rompu, ach braithim gur féidir linn níos mó a dhéanamh i gcónaí chun an coláiste seo a fheabhsú dúinne ar fad. Táimse anseo le cabhair agus tacaíocht a thabhairt duit mar gheall ar fhadhb ar bith atá romhat, mion nó mór. Ba cheart gur áit é Coláiste na Tríonóide atá ann ar son na mac léinn agus faoi stiúir na mac léinn, agus táimse mar chuid den troid chun é sin a bhaint amach.

Más rud é go bhfuil fadhb, ceist, nó trácht ginearálta ar bith agat is féidir leat ríomhphost a chur chugam ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it., cruinniú a iarraidh, nó bualadh isteach i m’oifig i dTeach 6 am ar bith! Táim ar bís obair in éineacht libhse.

Tá an oiread sin dóchais agam don mhéid is féidir linn a chur i gcrích i dteanna a chéile, tá an-chuid oibre os ár gcomhair.

Le grá,
Amy.