Skip to main content
Student Leap Card image

An Cárta Aitheantais Idirnáisiúnta do Mhic Léinn (ISIC)

Is ionann an Cárta Aitheantais Idirnáisiúnta do Mhic Léinn (ISIC) agus do phas chun lascainí agus seirbhísí iontacha a fháil sa bhaile agus ar fud an domhain.

Is é an cárta ISIC an t-aon cárta aitheantais do mhic léinn a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus is as gach áit ar domhan iad baill an chlub. Úsáideann níos mó ná 4.5 milliún mac léinn ó 124 tír a gcártaí do mhic léinn gach bliain chun leas a bhaint as tairiscintí agus iad ag taisteal, ag siopadóireacht, ag dul chuig músaeim agus rudaí eile nach iad, ar fud an domhain.

Is féidir leat cártaí ISIC a cheannach in Oifig Tosaigh Aontas na Mac Léinn i dTeach 6. Tá costas €15 ar chártaí ISIC. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar: ISIC.ie.