Amanna, bíonn stró agus cantal ag baint le do bhealach a dhéanamh trí na cineálacha tacaíochta atá ar fáil sa Choláiste. Agus is féidir leis an Oifigeach Leasa agus Comhionannais AMLCT cuidiú leat ina leith sin! Má tá tú ag streachailt le fadhb gan a fhios agat a ndéanfaidh tú, déan teagmháil le ---- sa chaoi is go réiteoimid an fhadhb le chéile. Is cuma más súitíní nó beatha a theastaíonn uait, nó díreach duine le héisteacht leat agus a bheidh cairdiúil.
Ionadaíocht a Dhéanamh do Choláiste:
Oibríonn Oifigeach Leasa agus Comhionannais AMLCT ar do shon ar roinnt coistí ina ndéantar cinntí faoin gcaoi a reáchtáiltear Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, m.sh. déanann Coiste Shaol na Mac Léinn maoirseacht ar sholáthar seirbhísí do mhic léinn amhail Ionad Sláinte an Choláiste nó Comhairleoireacht do Mhic Léinn.
Feachtais:
I gcaitheamh na bliana, cuidíonn Oifigeach Leasa agus Comhionannais AMLCT le feachtais ar fud an choláiste a reáchtáil faoi gach rud, sláinte ghnéis agus meabhairshláinte san áireamh. Is ann do na feachtais seo le daoine a chur ar an eolas faoin tacaíocht atá ar fáil do mhic léinn i gColáiste na Tríonóide (agus ar fud na tíre!) agus chun daoine a thabhairt le chéile chun feabhas a chur ar an tacaíocht. Mar shampla, bíodh is gur féidir fearas tástála STI a fháil saor in aisce sa bhaile anois i bPoblacht na hÉireann ag sh24.ie, ní sholáthraítear táirgí fola míosta saor in aisce ar fud ollscoileanna agus ar fud institiúidí teagaisc.