Skip to main content

Tacaíonn Aontas na Mac Léinn leis an méid seo a leanas:

  • Iasacht ghearrthéarma, suas le €100 saor ó cháin.
    • Sa chás go mbeadh mac léinn i gcruachás níos tromchúisí, is féidir leis iasacht ghearrthéarmach atá saor ó cháin de luach €100 ar a mhéad. Íoctar an iasacht seo ar ais laistigh de thréimhse dhá mhí ar a mhéad trí mhandáid dochair dhírigh. Ní mór foirm Google a chomhlánú ar líne agus caithfear mandáid dochair dhírigh a chomhlánú agus a thabhairt chuig an Oifigeach Leasa de láimh sula n-aistreofar an t-airgead.
  • Dearbháin Bhia Dunnes
    • Is féidir le mic léinn a bhfuil deacrachtaí airgid acu leas a bhaint as ár ndearbháin bhia Lidl a chuirimid ar fáil chun cuidiú leo an chuid eile den tseachtain a bhaint amach. Tá luach €20 ag dearbhán bia Dunnes agus is féidir leis na mic léinn iad a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Leasa trí This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it..
  • Is éard atá sa T-Fund, ciste do mhic léinn trasinscne chun aistriú sóisialta a dhéanamh
  • Ciste do Thuismitheoirí agus do Chúramóirí Mac Léinn 

Deontas Ard-Oideachais

Téigh chuig usi.ie nó chuig studentfinance.ie chun eolas a fháil maidir le cúrsaí incháilitheachta an deontais seo.

Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn / Ciste Cruatain

Is iad na mic léinn atá ar fhíorbheagán airgid amháin a bhainfidh leas as na cistí seo. Dáilfear na deontais ar bhonn cás ar chás. Ba cheart do mhic léinn TAP/HEAR teagmháil a dhéanamh le This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Mura mac léinn TAP/HEAR atá ann, déanadh sé teagmháil lena theagascóir nó le This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Má fhaigheann tú cúnamh airgeadais ón gcoláiste sa bhliain acadúil reatha, d'fhéadfá a bheith i dteideal Tarscaoileadh Táille ar an Tobhach do Mhic Léinn. Ní féidir leat an tarscaoileadh a fháil ach sa bhliain acadúil reatha agus ní mór duit iarratas a dhéanamh roimh an lá deiridh de Théarma na Féile Bríde. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin an Teagascóra Shinsearaigh.

Tabhartais

Tá roinnt tabhartas, sparánachtaí agus duaiseanna ann a d'fhéadfá a bheith i dteideal a fháil/ tá liosta díobh seo agus de na critéir a bhaineann leo ar fáil ag www.tcd.ie/seniortutor

Buiséadú

D'fhéadfadh sé go mbeadh costais go leor agat agus tú ag freastal ar an gColáiste. Mar sin tá sé tábhachtach buiséadú a dhéanamh. Is próiseas é buiséad a dhéanamh is féidir a dhéanamh gan aon dua. Is é sin suí síos agus an teacht isteach a bheidh agat go ceann tréimhse áirithe a oibriú amach, ó cheann ceann na bliana acadúla, cuir i gcás, agus na costais a bheidh agat le linn na tréimhse céanna. Más féidir leat ar chor ar bith, b'fhearr go mbeadh an teacht isteach níos mó ná na costais.

Na Leideanna is Fearr:

  • Bíodh an uimhir i do chloigeann agat: bí ar an eolas faoin méid airgid a bheidh ort a chaitheamh gach mí. Déan iarracht gan an iomarca rudaí breise a cheannach, gan rudaí nach bhfuil gá leo a cheannach agus téigh i dtaithí ar nósanna maithe airgeadais go luath.
  • Úsáid do lascaine do mhic léinn: Bain leas as na margaí do mhic léinn agus as lascainí - coinnigh súil ar ríomhphost Aontas na Mac Léinn le bheith ar an eolas faoi mhargaí do lucht AMLCT amháin.
  • Bí réitithe: déan lónta pacáilte, déan amach plean maidir leis an méid airgid atá tú ag iarraidh a chaitheamh agus tú amuigh san oíche, agus bíodh sé de nós agat an iarmhéid i do chuntas bainc a sheiceáil.
  • Breathnaigh ar www.mabs.ie chun comhairle a fháil le buiséad a dhéanamh a fheileann duit féin!