Skip to main content

Meabhairshláinte

Baineann cúrsaí meabhairshláinte le gach duine, agus d'fhéadfadh athrú teacht uirthi le linn ár saoil ar roinnt cúiseanna. Bíonn folláine mheabhrach againn nuair atá dóthain acmhainní againn chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn. Bíodh diagnóis agat nó ná bíodh, bíonn duine anseo le labhairt leat anseo i gcónaí. 

Tá sé le feiceáil sa taighde go mbíonn níos lú struis ar dhaoine a bhíonn ag caint le daoine agus tagann feabhas ar mheabhairshláinte daoine a labhraíonn le daoine eile freisin. Ní bí ag fulaingt go tostach - tosaímis an comhrá! Is féidir ríomhphost a chur chugam am ar bith This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. má bhíonn tú ag iarraidh labhairt, fadhbanna a réiteach nó mura bhfuil uait ach comhairle!

  • Má tá do shaol i gcontúirt anois díreach, cuir glaoch ar an uimhir 999
  • Má tá fonn ort lámh a chur i do bhás féin, cuir glaoch ar an uimhir 1800 247 100
  • Glaoigh ar Niteline ar 1800 793 793 le linn na tréimhse téarma nó ar Samaritans ar 01 671 0071 lasmuigh den tréimhse téarma.
  • Dá mb'fhearr leat téacsáil go hanaithnid, úsáid an Líne Tacaíochta Géarchéime, téacsáil HELLO chuig an uimhir 50808

Movember

Is imeacht é Movember a bhíonn ar siúl uair sa bhliain agus is minic a fhásann daoine croiméil chun an pobal a chur ar an eolas faoi deacrachtaí sláinte a bhíonn ag fir, amhail ailse próstataigh, ailse uiríoch, agus meabhairshláinte na bhfear. Is iomaí mac léinn i gColáiste na Tríonóide a ghlacfaidh páirt ann i mbliana agus cuireann siad roinnt imeachtaí spraíúla lán d’eolas ar siúl. Coinnigh súil ar @MovemberTCD ar Instagram chun tú féin a choinneáil suas chun dáta nó chun tuilleadh eolais a fháil faoi. Athraímis an dearadh a bhíonn ag daoine ar shláinte na bhfear le chéile.

Seirbhís Comhairleoireachta do Mhic Léinn

Cuireann Seirbhís Comhairleoireachta do Mhic Léinn (SCS) seirbhísí tacaíochta gairmiúla ar fail saor in aisce agus faoi rún chun cuidiú leat éirí leat le linn freastal ar Choláiste na Tríonóide. Bíonn na seirbhísí seo ar fáil ó cheann ceann na bliana do gach mac léinn atá cláraithe i gColáiste na Tríonóide. Ar fhoireann SCS tá síceolaithe agus síciteiripeoirí gairmiúla creidiúnaithe comhairleoireachta agus cliniciúla, intéirnigh, síceolaithe cúnta agus daoine faoi oiliúint.

Tá SCS suite ar an tríú hurlár de 7-9 Sráid Laighean. Cuireann siad comhairleoireacht duine le duine ar fáil chomh maith le comhairleoireacht le grúpaí, agus cláir thacaíochta agus ceardlanna tacaíochta ar líne.

Bíonn coinne comhairleoireachta éigeandála ar fáil gach lá. Chun an choinne seo a chur in áirithe, seol ríomhphost chugainn, agus glaofaidh an comhairleoir ar dualgas ar ais ort.

Tuilleadh eolais:
www.tcd.ie/Student_Counselling
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
01 896 1407

External Supports

Aware
Líne Chabhrach Dhúlagair
www.aware.ie
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
1800 80 48 48

Niteline
Seirbhís éisteachta agus comhrá
www.niteline.ie
1800 793 793

Bodywhys
Tacaíocht le haghaidh Neamhoird Itheacháin
www.bodywhys.ie
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
01 210 7906

Pieta House
Féinmharú agus féindochar
www.pieta.ie
Glaoigh saor in aisce: 1800 247 247
Téacsáil HELP chuig 51444

Líne Théacs Ghéarchéimev
Téacsáil TCD saor in aisce: 50808
www.text50808.ie/

Samaritans
Líne Chabhrach Ghéarchéime
www.samaritans.org
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
Glaoigh: 116 123