Skip to main content

IONADAÍ RANGA

Céard é Ionadaí Ranga?

Más Ionadaí Ranga thú, beidh an deis agat labhairt ar son do chuid cairde sa rang leat leis na léachtóirí, leis na riarthóirí agus leis an scoil. Beidh deis agat uair sa mhí a bheith i d’ionadaí do na daoine sa rang céanna leat ag Comhairle AMLCT agus ag Tionól do Dháimhe. Déanfaidh tú obair ríthábhachtach sa ról seo sa mhéid is go ndéanfaidh tú cinntí a rachaidh i bhfeidhm ar gach mac léinn sa choláiste.

Is deis atá ann a bheith i d’Ionadaí Ranga, agus bíonn sé spraíúil scileanna nua a fhoghlaim, casadh le daoine nua, agus do chuid tuairimí a roinnt maidir leis an taithí atá agat ar Choláiste na Tríonóide, agus roinnfidh tú na tuairimí sin sna feachtais a reáchtálann AMLCT!

Cén chaoi a seasann tú sa toghchán?

Chun seasamh sa toghchán, ainmnigh tú fein leis an nasc thuas. Bíonn Toghcháin na nIonadaithe ar siúl ag tús gach bliana acadúla. Bíonn ainmniúcháin do na hionadaithe ranga oscailte ón 7 Meán Fómhair go dtí an 23 Meán Fómhair agus caithfear na vótaí ón 30 Meán Fómhair go dtí an 2 Deireadh Fómhair.

Dá mba mhaith leat cur isteach ar fholúntas, is féidir leat iarratas a dhéanamh air trí ríomhphost a chur chuig an seoladh ríomhphoist chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. agus ‘Ainmniúchán Folamh d’Ionadaí Ranga’ mar ábhar ann, bíodh do chúrsa, an bhliain a bhfuil tú ann, uimhir aitheantais mic léinn agus ríomhphoist CTBÁC luaite ann.

Céard a tharlóidh má thoghfar thú?

Má thoghtar thú, gheobhaidh tú ríomhphost mar chomhghairdeas. Gheobhaidh tú cuireadh ansin chun freastal ar oiliúint le bheith i d’ionadaí ranga, a bheidh ar siúl ar an deireadh seachtaine, ar an 10 agus an 11 Deireadh Fómhair, agus gheobhaidh tú eolas faoi do ról, faoi na dualgais a bhaineann leis agus faoin tacaíocht atá ar fáil duit chun an leas is fearr a bhaint as!

Lámhleabhar na nIonadaithe Ranga

Tá cur síos ar ról an ionadaí ranga i Lámhleabhar na nIonadaithe Ranga, chomh maith leis an méid atáthar ag súil go ndéanfá agus an chaoi is fearr chun na dualgais sin a chomhlíonadh. Luaitear ann roinnt mhaith de na seirbhísí áisiúla ar fud an Choláiste.