Haighhhh a chairde,
Is mise Eve Martin agus is mise bhur nOifigeach Oideachais don bhliain acadúil atá le teacht! Is iar-mhac léinn míochaine mhóilíneach mé as Uíbh Fháilí agus tá me ag tnúth go mór le gach rud bainte leis an oideachas.
Mar Phríomhoifigeach Acadúil an Aontais táim anseo chun treoir a thabhairt daoibh trí aon fhadhb atá agaibh a bhaineann le cúrsaí acadúla; cibé acu ar theip oraibh i scrúdú, más cur siar go dtí an seisiún forlíontach atá uaibh, nó má tá sibh ag smaoineamh ar do chúrsa a athrú (déanta agam!) seol ríomhphost chugam ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó buail isteach chuig m’oifig ar an gcéad úrlár i dTeach 6 - bheinn sásta cabhair a thabhairt!
Chomh maith leis sin táim i mo shuí ar roinnt coistí coláiste éagsúla maidir le Polasaí Acadúil, áit a mbím ag déanamh ionadaíocht ar son suimeanna acadúla na mic léinn, agus bím ag maoirseacht na hionadaithe ranga, atá mar buncloch an Aontais <3
Táim fós anseo le cabhair a thabhairt in aon chaoi agus mar sin, ná bíodh drogall oraibh dul i dteagmháil liom, níl aon ceisteanna amaideacha agus táim ag súil le sibh a fheiceáil!
Grá mór x
Eve Martin (sí/í)
Oifigeach Oideachais