Tá gach duine idir 16 agus 18 mbliana d'aois i dteideal iarratas a dhéanamh ar Chárta Leap (SLC) do Mhic Léinn chomh maith leo siúd atá 26 bliain d'aois agus níos sine atá i mbun oideachas tríú leibhéal lánaimseartha (lena n-áirítear breisoideachas agus oiliúint). Tá gach duine idir 19 agus 25 bliain d'aois i dteideal Cárta Leap do Dhaoine Óga, a chuirtear ar fáil trí leapcard.ie
Is féidir leis na sealbhóirí cárta lascainí do mhic léinn a fháil ar sheirbhísí Go-Ahead Ireland, Bus Átha Cliath, Luas, Bus Éireann, DART agus Iarnród Éireann mar aon le hoibritheoirí iompair príobháideacha eile i bPoblacht na hÉireann.